Caonach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCaonach
Bryophyta Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
ForíochtViridiplantae
RoinnBryophyta Cuir in eagar ar Wikidata
Schimp., 1879

Planda beag neamhshoithíoch spórach atá gaolmhar leis na haelusanna is na cornlaigh. Fásann sí i bhfoirm mata nó adhartáin. Is gaiméitifít an planda feiceálach a thosaíonn mar chorp neamhidirdhealaithe (tallas), nó níos minice fós, struchtúr snáithíneach (prótainéam) atá cosúil le halga glas. Fásann sé seo ina phlanda coitianta le gais, duilleoga simplí fíneálta, agus ríosóidí ilcheallacha. Capsúl ar ghas a bhíonn sa spóraifít, le colún lárnach is cuid mhaith spór. Aibíonn an capsúl tar éis don ghas a bheith fadaithe, agus fuasclaítear na spóir trí phóir nó scoilteanna nó, i gcineálacha ar leith, go pléascach. Faightear caonach i ngach áit, beagnach, ach in áiteanna taise foscúla is minice í. Tá cineálacha atá in ann triomú maith a sheasamh, agus áitríonn cuid acu áiteanna an-tirime, cosúil le fallaí.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Caonach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 115.