Eitilt thrasatlantach Alcock agus Brown

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtEitilt thrasatlantach Alcock agus Brown
Cineáldís
eitilt Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid


An Vickers Vimy ag Lester's Field, 14 Mei. 1919, St. John's,
Cheap siad ón aer go raibh siad le tuirlingt ar thalamh réidh.

Rinne na heitleoirí Briotanacha John Alcock agus Arthur Brown an chéad eitilt thrasatlantach gan stad ar an 14 go 15 Meitheamh 1919.. D'eitil Alcock agus Brown ó Thalamh an Éisc go Contae na Gaillimhe i 16 uair is 27 nóiméad.[1][2]

Ullmhúchán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1913, chuir an Daily Mail duais £10,000 (suim airgid ollmhór sa bhliain 1919. ... thart ar mhilliún Euro sa lá atá inniu ann) ar fáil don chéad eitleoir a thrasnódh an tAigéan Atlantach gan stopadh. Chuir an Chéad Chogadh Domhanda isteach ar an gcomórtas an bhliain dár gcionn agus cuireadh ar athló é i dtreo dheireadh 1918..[3]

Tar éis an chogadh in 1918, chuaigh ceithre cinn d'fhoirne trasna na farraige go Talamh an Éisc chun páirt a ghlacadh sa rás.

Alcock agus Brown

Bhí foireann an Sopwith (Hawker & Grieve) ann agus theip orthu. Bhí siad níos mó ná leath bealaigh aniar nuair a bhris an t-eitleán orthu agus chuaigh siad i bhfarraige. Tugadh ar bord loinge iad.[4]

Bhí foireann eile, Raynham agus Morgan, ar tharla timpiste dóibh agus iad ag éirí den talamh.[4]

An chéad eitilt trasna aigéan an Atlantaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí plean eile ag rialtas na Stát Aontaithe ag féachaint chomh maith an n-eitleoidís trasna an Atlantaigh.[4] Ceithre cinn de bháid aeir, a raibh na 'Nancies' de leasainm orthu, a bheadh in úsáid acusan. Ní fhéadfaí na heitleáin sin a eitilt an bealach ar fad agus bheadh orthu a theacht anuas ar na hAsóir. Tar éis 11 lá a chaitheamh ar an turas, tháinig ceann d'eitleáin Mheiriceá, an NC-4, le talamh i Liospóin na Portaingéile ar 27 Bealtaine, an chéad eitleán riamh - agus an chéad chriú - a d'eitil trasna aigéan an Atlantaigh.[5][4]

Alcock agus Brown[cuir in eagar | athraigh foinse]

Éacht de chuid na Breataine a bhí san aistear anróiteach. Ba as an mBreatain Alcock agus Brown agus bhí cúlra san arm acu.

16 Meitheamh

Chreid Alcock go raibh an t-ádh ag baint leis an uimhir 13 dó féin. Ba í an uimhir 13 an uimhir oibre a bhí aige agus é ag obair do Empress engineering. Ba é an Vickers Vimy an 13ú eitleán den chnuas agus críochnaíodh é an 13 Feabhra. Bhí 13 duine ar an bhfoireann a thaistil go Talamh an Éisc. Rinne Alcock gach uile iarracht imeacht ar an Aoine an 13 Meaitheamh, (ach bhí mí-ádh air nuair a chlis ar chuid d'fearas tuirlingthe an eitleáin, mar sin b'éigin dó imeacht ar an Satharn an 14).[6]

Bhí a chuid piseoga féin ag Brown chomh maith. Thug sé leis bréagán clúmhach mar shonóg, cat dubh ar a dtug sé ‘Twinkletoes’. Thug Alcock leis a chomhluadar féin, ‘Lucky Jim’. Chuir duine de na hinnealtóirí crú capaill i bhfostú faoi chathaoir Alcock chomh maith.[6]

Eitilt[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’eitil an bheirt phíolótaí Bhriotanacha ó 'Lester's Field',[7][8] Cathair Eoin i dTalamh an Eisc, Ceanada. D'ardaigh an t-eitleán (an bumadóir déphlána ,Vickers Vimy) ón talamh go mall ar 14 Meitheamh ag 1:45 p.m.

Ionad tuirlingte Alcock & Brown 1919

Dúradh níos déanaí go raibh ar Brown siúl amach ar an sciathán chun leac oighir a ghlanadh as an inneall, creid nó ná creid.[4]

Nuair a bhí siad ag eitilt trasna an Atlantaigh, chuaigh siad trí amchriosanna éagsúla. Le meascán a sheachaint, chloígh Brown ina chuid tuairiscíochta le ham GMT (Meán-am Greenwich - an t-am sa Ríocht Aontaithe).

Thuirling an bheirt ag 8:40 a.m. on 15 Meitheamh 1919 i bportach leath bealaigh, idir an Clochán agus Baile Conaola, Bhí siad ag iarraidh tuirlingt go díreach chun a bheith cinnte an £10,000 a fháil. Cheap siad ón aer go raibh siad le tuirlingt ar thalamh réidh. Níor gortaíodh ceachtar den bheirt. Bhí an chéad eitilt thrasatlantach gan stad bainte amach acu, a mhair 16 uair an chloig agus 28 nóiméad agus a thuirling 25 mhíle ó thuaidh ón gceann scríbe a bhí acu.[3] Tháinig siad anuas in aice le Stáisiún Raidió Marconi.

Beart ollmhór domhanda a bhí ann. Bhí na spéartha os cionn an Atlantaigh sáraithe acu agus bhí an chéad mhúnla leagtha síos acu le haghaidh an taistil atá chomh coitianta sin inniu, lá agus oíche idir tíortha na hEorpa agus Meiriceá Thuaidh.[9]

Cuimhneachán[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 1954 a cuireadh dealbh stairiúil cloch aoil de laochra na spéartha, Alcock agus Brown, taobh amuigh d’Aerfort Heathrow, Londain. Sa bhliain 2019, bhí an dealbh tugtha anall go dtí an Clochán ó Aerfort Heathrow. Rialtas na Breataine a d’íoc as agus bhí sé ar an gcéad chuimhneacháin ar Alcock agus Brown agus ar an éacht a rinneadar.[9][10]

Sa bhliain 2005, d'eitil Steve Fossett agus Mark Rebholtz trasna an Atlantaigh i Vimy nua.[11]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Captain John Alcock and Lieutenant Arthur Whitten Brown". www.aviation-history.com. Dáta rochtana: 2022-06-14.
  2. "Lester’s Field" (en). Myles Dungan. Dáta rochtana: 2022-06-15.
  3. 3.0 3.1 Banc Ceannais na hÉireann (2019). "Céad Bliain den Eitlíocht Thrasatlantach - Bonn Profa Airgid €15 2019" (ga). www.collectorcoins.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-06-15. Dáta rochtana: 2022-06-15.
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 4.4 Comhairle Chontae na Gaillimhe. "Alcock & Brown Junior Workbook". Dáta rochtana: 2022.
  5. "The U.S. Navy's Curtiss NC-4: First Across the Atlantic" (en-US). HistoryNet (2019-05-08). Dáta rochtana: 2022-06-16.
  6. 6.0 6.1 Comhairle Chontae na Gaillimhe. "Leabhar Oibre na Sinsea". Dáta rochtana: 2022.
  7. nfldherald.com (2019-06-20). "Taking Off From the Rock – Newfoundland Herald". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-06-20. Dáta rochtana: 2022-06-15.
  8. Inniu, cúinne Sráid Albany agus Bóthar Blackmarsh (2022). "· 130 Blackmarsh Rd, St. John's, NL A1E 1S8, Canada" (en). Google maps. Dáta rochtana: 2022-06-15.
  9. 9.0 9.1 Máirtín Ó Catháin (17 Bealtaine 2019). "Aerstráice Chonamara Thuaidh le hoscailt go sealadach do Cheiliúradh Alcock agus Brown" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-15.
  10. "Alcock and Brown 100" (en-US). Molscéal. Dáta rochtana: 2022-06-15.
  11. "Reliving history wasn't all plane sailing . . ." (en). independent. Dáta rochtana: 2022-06-16.