Eidhean mac Cléirigh
Cuma
Teaghlach | |
---|---|
Páiste | Mor (?) (en) |
Athair | Cléireach mac Ceadaigh |
Sinsear chlann Uí Eidhin lonnaithe i gContae na Gaillimhe ba ea Eidhean mac Cléirigh (beo 800).
Ba bhall de rítheaghlach Uí Fhiachrach Aidhne é Eidhean, de shliocht Guaire Aidhne mac Colmáin (bás 663), Fiachrae mac Eochaid Mugmedon (beo 5ú haois) agus dá bharr gaolmhar le muintir Uí Néill. Bhí a mhuintirse i réim i ríocht Aidhne le tréimhse, Sna 1090í, nuair a ghabh Flaithbertach Ua Flaithbertaigh forlámhas ar ríogacht na gConnacht, d'insealbhaigh sé duine Uí Eidhin ina rí ar teaghrán.
Bhí Eidhean gaolmhar le roinnt fear eile a ghlac a sliochtaigh a n-ainm mar shloinnte, amhail is:
- Comhaltán mac Maoil Chúlaird (Ó Comhaltáin)
- Cathal mac Ógáin (Ó Cathail)
- Giolla Cheallaigh Ua Cléirigh (Mac Giolla Cheallaigh)
- Cléireach mac Ceadaigh (Ó Cléirigh)
Maraíodh Eidhean i mbun catha in éadan Néide mac Onchú, timpeall na bliana 800.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Tighearnach ua Cleirigh (bás 916), rí Uí Fhiachrach Aidhne.
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Edward MacLysaght, The Surnames of Ireland, Dublin, 1978.
- Francis John Byrne, Irish Kings and High Kings, 2001 (dara heagrán).
- Dubhaltach Mac Firbhisigh, Leabhar na nGinealach, , iml. 1 ll. 586-87, 257.9; eagraithe, le haistriúchán agus innéacsanna, le Nollaig Ó Muraíle, 2003-2004. ISBN 0-946130-36-1.