Edward Cooper
Cuma
Réalteolaí agus polaiteoir, a rugadh i mBaile Átha Cliath, ab ea Edward Joshua Cooper (1798-1863). I 1830 fuair sé Caisleán Mharcraí i mBaile Easa Dara, Contae Shligigh, le hoidhreacht, agus thóg réadlann ann.
Thomhais sé neasionaid 60,066 réalta, nach raibh ach 8,965 cinn acu ar eolas roimhe sin. Cúntóir Cooper, Andrew Graham, a rinne an chuid is mó den obair. D'fhoilsigh an rialtas na torthaí seo i gCatalogue of Stars near the Ecliptic, observed at Markree (Catalóg na Réaltaí gar don Éiclipteach a breathnaíodh i Marcraí, 4 imleabhar, 1851-1856).
Teachta parlaiminte ba ea é idir 1830 -1841 agus 1857 -1859.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Edward Cooper". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 169.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |