An Eaglais Chaitliceach Rómhánach
Eaglais de chuid na Críostaíochta atá san Eaglais Chaitliceach Rómhánach. An Eaglais Chaitliceach an t-ainm a thugann sí uirthi féin[1][2].
Eagraíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ceann de na rudaí is léir láithreach sa Caitliceachas Rómhánach ná go bhfuil cumhacht lárnach ann, a thosaíonn leis an bPápa, agus a dháiltear go cúramach trí cheapadh easpaig ón Róimh féin. Is é Pápa Proinsias ceannaire na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí anois.
Is í an eaglais Chríostaí is mó ar domhan,agus cé go bhfuil Caitlicigh i mbeagnach gach tír ar domhan, is é an príomhchreideamh i gcuid mhór den Eoraip, de Mheiriceá Thuaidh agus go háirithe Meiriceá Theas agus Láir, agus áiteanna san Áise, mar na hOileáin Fhilipíneacha.
De réir mar atá an daonra ag fás i dtíortha cosúil le na hOileáin Fhilipíneacha, tíortha éagsúla san Afraic agus i Meiriceá Láir agus Theas, tá cumhacht á leathadh de réir a chéile do na háiteanna sin.
Ar an taobh eile den scéal, tá titim mhór i bpáirtíocht agus i gcleachtadh an chreidimh seo sna tíortha a bhí i lár staire an chreidimh, m.sh. sa Spáinn, san Iodáil, sa Ghearmáin, sa Fhrainc agus in Éirinn féin.
Teagasc
[cuir in eagar | athraigh foinse]Liotúirge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sacraimintí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Baisteadh
An chéad Chomaoineach
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ón nGréigis a thagann an focal "Caitliceach", a chiallaíonn domhanda.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "vatican.va". Dáta rochtana: 2018.
- ↑ Tá eaglaisí eile a úsáideann an téarma, cé go bhfuil garghaol cleachta agus cumarsáide acu leis an eaglais Rómhánach, don chuid is mó.
Is síol faoi chreideamh é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |