Eachtra imirceach San Antonio, 2022
| ||||
Cineál | tubaiste conspóid | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 27 Meitheamh 2022 | |||
Suíomh | San Antonio, Texas Texas, SAM | |||
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
Cúis | smuigleáil daoine caiceicse | |||
Líon básanna | 53 | |||
Líon gortaithe | 12 | |||
Ar 27 Meitheamh 2022, bhí 53 corp faighte i leantóir leoraí i San Antonio, Texas, daoine fásta agus inimiricigh go léir. Bhí sé dhuine dhéag eile fós ina mbeatha sa leoraí, ceathrar páistí ina measc.
Bhí an leoraí páirceáilte in aice leis an iarnród ar cholbha theas na cathrach.[1] Bhí an teocht chomh hard le 39 céim i San Antonio ag an am agus ní raibh aon uisce sa leoraí. Leantóir cuisniúcháin ba ea é agus ní raibh aon chóras aerchóirithe ann... é sin nó ní raibh sé ar siúl.
Tháinig duine, a bhí ag obair in aice láimhe, ar na hinimircigh tar éis dó glao ar fhóirithint a chloisteáil ag teacht as an leoraí. Tugadh chuig ospidéil áitiúla láithreach an 16 duine a bhí fós beo, agus cuireadh cóir leighis orthu faoi thnáitheadh teasa agus stróc teasa.
Bhí sé deimhnithe gurbh as Meicsiceo 22 de na mairbh. B'as Guatamala agus Hondúras cuid eile acu.[1]
Cóir
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thart ar 250 ciliméadar atá idir San Antonio agus teorainn Mheicsiceo, agus tugadh na hinimiricigh chun na Stát Aontaithe go mídhleathach.[1]
Mhaígh Greg Abbott, gobharnóir Texas agus ón bPáirtí Poblachtach, gurb í an fháilte a chuireann na Daonlathaithe roimh inimircigh údar an oilc. Chuir sé an milleán faoin tragóid ar Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden.
Bhí ceathrar gafa faoin scéal, an tiománaí ina measc.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 Nuacht RTÉ (2022-06-28). "50 corp faighte i leantóir leoraí i San Antonio, Texas" (as ga-IE).