Tubaiste i Muir nIocht, Samhain 2021

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtTubaiste i Muir nIocht, Samhain 2021
Map
 51°09′27″N 1°50′57″E / 51.1574963°N 1.8491113°E / 51.1574963; 1.8491113
Cineáltubaiste ar muir Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana24 Samhain 2021 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna27 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon ar iarraidh1 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon na marthanóirí2 Cuir in eagar ar Wikidata


Teifigh i gCalais, 2015. Scriosann na póilíní sa Fhrainc na pubaill agus trealamh atá ag na teifigh ó am go ham.

Tharla Tubaiste i Muir nIocht ar 24 Samhain 2021 nuair a báthadh 27 duine - imircigh ó thíortha éagsúla - agus iad ag iarraidh dul trasna na farraige idir an Fhrainc agus Sasana. Tugadh triúr ón uisce agus iad fós ina mbeatha.[1]

Baineann na teifigh úsáid as Zodiac, bád inséidte, go minic

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Géarchéim gan réiteach ba ea líon na n-imirceach, as an Domhan Thoir den chuid is mó, a bhí ag iarraidh teacht chun na Breataine ón bhFrainc i mbáid bheaga gach aon lá sna 2020idí.[1]

Áirítear gur éirigh le thart ar 25,000 duine an turas farraige a dhéanamh sa bhliain 2021 agus go mb'éigean do na seirbhísí éigeandála beagnach 8,000 eile a tharrtháil.

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 24 Samhain 2021, chuaigh an bád ina raibh na teifigh faoi i Muir nIocht amach ó chalafort Dover. Ghlaoigh na teifigh go leor uaireanta ar na seirbhísí éigeandála sa Fhrainc agus sa Bhreatain ar feadh roinnt uair an chloig. Ach níor tugadh aird ar bith ar a n-iarratas.[2][3][4] Ní raibh na teifigh i bhfad ó uiscí teorann na Breataine sula ndeachaigh an bád go tóin poill.

Ba chuma leis na seirbhísí éigeandála sa sioc faoin drochbhail a bhí ar na teifigh ... cuireadh mórfhaillí ina leith níos déanaí.[5]

Iascaire a chuir fios ar na húdaráis faoi dheireadh nuair a chonaic sé coirp ar barr uisce.

Freagra polaitiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dúirt na polaiteoirí go léir gur tragóid a bhí ann agus dúirt gur lucht gáinneála ar dhaoine a bhí freagrach as. Ach bhí an eachtra ina údar mór aighnis idir an Fhrainc agus an Bhreatain. Chuir an dá thaobh i leith a chéile nach bhfuil siad ag déanamh a ndíchill leis an gceist a fhuascailt.[1][6]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Nuacht RTÉ (2021-11-24). "Tubaiste i Muir nIocht: 31 imirceach ar a laghad báite" (as ga). 
  2. "DOCUMENT FRANCEINFO. "T'entends pas, tu seras pas sauvé" : l'enquête sur le naufrage mortel de migrants dans la Manche accable les secours français" (fr-FR). Franceinfo (2022-11-16). Dáta rochtana: 2022-11-16.
  3. Le Monde (2022-11-13). "L’enquête sur la mort de 27 migrants dans la Manche en 2021 accable les secours" (fr). Le Monde.fr. Dáta rochtana: 2022-11-16.
  4. "Naufrage mortel de 27 migrants dans la Manche : l'enquête accable les secours français - France Bleu" (fr). ici, par France Bleu et France 3 (2022-11-16). Dáta rochtana: 2023-11-24.
  5. "Naufrage dans la Manche : face aux enquêteurs, la défense en bloc des militaires du Cross" (fr). Le Monde.fr (2023-06-13). Dáta rochtana: 2023-11-24.
  6. "Naufrage de migrants dans la Manche : l'association Utopia 56 pointe "une forme de désinvolture, de la négligence, de l'imprudence"" (fr-FR). Franceinfo (2023-05-26). Dáta rochtana: 2023-11-24.
  7. "2000 Dover incident" (as en) (2021-03-08). Wikipedia.