Eachtra imirceach Essex (2019)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtEachtra imirceach Essex
Íomhá
Map
 51°28′44″N 0°16′24″E / 51.4789°N 0.2733°E / 51.4789; 0.2733
Cineáltubaiste
conspóid
fionnachtain de corpán Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana23 Deireadh Fómhair 2019 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhGrays, England Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna39 Cuir in eagar ar Wikidata


Grays

Fuarthas 39 duine marbh i leoraí i nGrays, Essex ar an 23 Deireadh Fómhair 2019. 31 fear agus ochtar ban as Vítneam, imircigh go léir, a bhí sa leoraí.[1] I measc na mban agus na bhfear, bhí 10 déagóir, san áireamh beirt bhuachaillí 15 mbliana d'aois.[2]

Scania R500 agus leantóir cuisniúcháin in Éirinn (sa bhliain 2012)

Na himeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

As Éirinn a tháinig an leoraí féin trí chalafort Caergybi [Holyhead]. Tháinig tiománaí an leoraí, Mo Robinson, fear 25 bliain d’aois, as Port an Dúnáin i gcontae Ard Mhacha.[1]

Tháinig tréiléar an leoraí i dtír ar abhainn an Thames in Purfleet agus anall as Zeebrugge na Beilge.

Bailíodh an tréiléar in Purfleet. D’fhág an leoraí agus an tréiléar cuisnithe ina raibh na daoine Purfleet ag cúig tar éis a haon maidin inné, 25 nóiméad nó mar sin sular thángthas ar na coirp in Waterglade Industrial Park i nGrays, Essex. Tháinig na seirbhísí otharchairr ar na coirp sa leoraí i bpáirc tionsclaíochta ag leathuair tar éis a haon san oíche.[1][3]

Bhí an leoraí cláraithe sa Bhulgáir (cé nach raibh sé sa tír sin le roinnt blianta anuas) agus gur le bean as Éirinn é. Bhí greamán mór ar fhuinneog thosaigh an leoraí, ar de dhéanamh Scania é, a deir ‘Ireland, the ultimate dream’.[4]

Easpa ocsaigíne ba chúis le bás na n-imirceach. Dúradh go mba brioscaí a bhí á n-iompar ag an leoraí.

Cúrsaí airgeadais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí suas le €15,000 an duine íoctha ag na himircigh le lucht na comcheilge.  

Bhí muntir na n-imirceach i Vítneam fós ag aisíoc a gcuid fiacha sa bhliain 2021.

Fiosrúchán dúnmharaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuirtear i leith roinnt fear a bheith páirteach i smuigleáil daoine. Ar 22 Eanáir 2021, phléadáil Maurice (Mo) Robinson, tiománaí an leoraí, as Craigavon, agus a shaoiste Rónán Hughes, 41 bliain, as Ard Mhacha agus as Tigh Thaláin[5] i gContae Mhuineacháin, ciontach i ngáinneáil ar dhaoine, i sciúradh airgid agus i ndúnorgain. Gearradh téarma príosúin trí bliana déag agus ceithre mhí ar Robinson agus téarma 20 bliain ar Hughes.[6]

Ciontaíodh Éamonn Harrison, 24 bliain, as Co an Dúin, agus Gheorghe Nica, 43 bliain, as Basildon, Essex, sna cúisimh chéanna. Téarma príosúin ocht mbliana déag a gearradh ar Harrison agus 27 bliain ar Nica, arbh é ceann feadhna na buíne comhcheilge é.

Ba é Harrison a thug an leantóir go calafort Zeebrugge sa Bheilg sular seoladh ar aghaidh go Sasana ar bhád farantóireachta é. Eiseachadadh é in Eanáir 2020.[7]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 "31 fear agus ochtar ban as an tSín a fuarthas marbh i leoraí Essex" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-10-23.
  2. Nuacht RTÉ (2020-08-28). "Iompróir as Co.Ard Mhaca tar éis pléadáil ciontach i ndúnorgain" (as ga). 
  3. "Déanfar ‘aon fhiosrúchán is gá’ faoi leoraí inar aimsíodh 39 corp – An Taoiseach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-10-23.
  4. "Tiománaí an leoraí inar aimsíodh 39 corp i Sasana ainmnithe" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-10-23.
  5. Nuacht RTÉ (2020-04-29). ""Ceann feadhain grúpa coirpeach é" tiománaí leoraí" (as en). 
  6. Nuacht RTÉ (2021-01-22). "Téarmaí fada príosúin gearrtha ar thriúr Éireannach" (as ga). 
  7. Nuacht RTÉ (2020-01-24). "Cead tugtha ag Ard-Chúirt tiománaí leoraí a eiseachadadh" (as en). 
  8. "2000 Dover incident" (as en) (2021-03-08). Wikipedia.