Eachtra imirceach Parndorf

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtEachtra imirceach Parndorf
Map
 47°59′N 16°50′E / 47.99°N 16.83°E / 47.99; 16.83
Cineálcoiriúlacht Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ostair Cuir in eagar ar Wikidata


An Volvo FL 180, Burgenland, Parndorf
Teifigh, lámh le teorainn na hUngáire, ar 6 M.F 2015

Ar 27 Lúnasa 2015, thángthas ar 71 corp i veain san Ostair, le linn 'Géarchéim imirceach na hEorpa'. Plúchadh na daoine a bhí ann.[1] 59 fear, ochtar ban agus ceathrar páistí a bhí sa veain, cailín beag bliain d'aois ina measc.

Bhí an veain (nó leoraí, an Volvo FL 180, ach an-bheag ar fad) tréigthe lámh le teorainn na hUngáire. Bhí an leoraí páirceáilte ar thaobh an bhóthair gan don bhaile Parndorf.

Ba léir ó cháipéisí taistil a fuarthas go mba as an tSiria (15), Afganastáin (21) agus Iaráic (29) iad (bhí seisear eile gan aithint).

Cúpla níos déanaí, dúirt an tAire Gnóthaí Baile Johanna Mikl-Leitner go bhfuil sé i gceist smacht níos déine a chur ar theorannacha in oirthear na tíre. Da thoradh, bhí an mótarbhealach soir i dtreo na hUngáire pulctha le trácht ag síneadh 20km siar mar go raibh na húdaráis ag seiceáil gach feithicil ina bhféadfadh teifigh bheith ionta.[2]

Cóir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Drong a bhí ag déanamh gáinneáil ar dhaoine ba chúis leis an tubaiste. Thug an drong, ag feidhmiú as an Ungáir agus as an mBulgáir, na teifigh isteach san Ostair.

Sa bhliain 2018 san Ungáir, gearradh téarma príosúin 25 bliain ar ceathrar, agus 3-12 bliain ar deichniúir eile.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Nuacht RTÉ (2015-08-28). "Breis is 70 corp dreoite faighte san Ostair" (as ga-IE). 
  2. Nuacht RTÉ (2015-08-31). "An Ostair ag cur dlús le smacht ar theorannacha" (as ga-IE).