Jump to content

European Border Breakers Awards

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó EBBA Awards)
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtEuropean Border Breakers Awards
Cineálgradam Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht2004 - 
Tíran tAontas Eorpach Cuir in eagar ar Wikidata
Craolta ag

Suíomh gréasáineuropeanborderbreakersawards.eu Cuir in eagar ar Wikidata
Duais na mBristeoirí Teorann san Eoraip 2012 - Selah Sue - le Mike Breeuwer

Gach bliain aithníonn Duaiseanna na mBristeoirí Teorann san Eoraip (EBBA)[1] an rath a tháinig ar 10 n-ealaíontóir nó ngrúpa a shroicheann lucht éisteachta lasmuigh dá dtíortha féin leis an gcéad albam uathu a eisíodh go hidirnáisiúnta sa bhliain roimhe sin. Ar bhuaiteoirí Dhuais na mBristeoirí Teorann san Eoraip áirítear Adele, Tokio Hotel, The Baseballs, Zaz, Lykke Li, Milow, Katie Melua, Damien Rice, Caro Emerald, Stromae and Mumford & Sons.[2]

An Coimisiún Eorpach a sheol Duaiseanna EBBA agus is duaiseanna de chuid an Aontais Eorpaigh iad.[3] Fundúireacht Noorderslag, a bhfuil de chúram uirthi dáileadh phopcheoil na hEorpa a spreagadh, a eagraíonn an roghnú agus searmanas an bhronnta.[4]

Duais na mBristeoirí Teorann san Eoraip 2012 - Na buaiteoirí uile - le Mike Breeuwer

Comhpháirtithe

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • European Broadcasting Union (EBU)[5]
  • Clár Mhalartú Buanna na hEorpa (ETEP), a chruthaíonn líonra idir fhéilte popcheoil Eorpacha, rud a éascaíonn áirithint bannaí ceoil ó lasmuigh dá dtír dhúchais.[5] Fairis sin, tugann sé eolas do na meáin faoi ealaíontóirí Eorpacha atá ag teacht chun cinn.[6]

Buaiteoirí a roghnú

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is ar bhonn na gcritéar seo a leanas a roghnaítear na healaíontóirí nó na grúpaí a ainmnítear do Dhuaiseanna na mBristeoirí Teorann san Eoraip:

  • Rath na chéad eisiúna idirnáisiúnta i dtíortha Eorpacha eile seachas tír dhúchais an ealaíontóra sa bhliain roimhe sin.
  • Am seinnte raidió a thug Aontas Craolacháin na hEorpa (EBU) don ealaíontóir ar a gcainéil raidió.
  • Rath an ealaíontóra ag féilte Eorpacha (ETEP) lasmuigh dá tír/thír dhúchais.[7]

Duais Rogha an Phobail

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó 2010, bíonn vótáil ar líne le teacht ar an mbuaiteoir Dhuais EBBA a gheobhaidh Duais Rogha an Phobail, anuas ar ar ngnáthdhuais.[8] An chéad bhuaiteoir, b'shin an t-amhránaí-cumadóir ceoil Milow.[9] Bhuaigh an banna raic is roll Gearmánach The Baseballs in 2011.[10]

Duais na mBristeoirí Teorann san Eoraip 2012 - Anna Calvi - le Mike Breeuwer

Ó 2009 bíonn searmanas na nduaiseanna ar siúl in Eanáir gach bliain, le linn na féile Eurosonic Noorderslag, i gcathair Groningen na hÍsiltíre,arna léiriú ag an aoi is ceoltóir BBC Jools Holland.[8] Ceolann buaiteoirí Dhuais EBBA beo i rith an tseó, agus le linn na féile féile féin. Tugtar cuireadh do bhuaiteoirí na mblianta roimhe sin casadh mar aíonna speisialta. Taifeadann an cainéal craolacháin poiblí NOS/NTR and searmanas agus craoltar trí NET3 é.[11] Craoltar an seó gach bliain ar roinnt cainéal teilifíse Eorpach.

An Coimisiún Eorpach a thionscain Duaiseanna EBBA in 2004.[3] Trí na duaiseanna, tá faoin gCoimisiún Eorpach cúrsaíocht thrasteorann an phopcheoil a spreagadh agus aird a tharraingt ar mhór-éagsúlacht ceoil na hEorpa. Clár Cultúir an Aontais Eorpaigh a thacaíonn le Duaiseanna na mBristeoirí Teorann san Eoraip, agus tá faoi soghluaisteacht thrasteorann na n-ealaíontóirí is na ngairmiúlach ceoil a spreagadh; cúrsaíocht thrasteorann an aschurtha chultúrtha is ealaíne a mhisniú; agus comhphlé idirchultúrtha a chothú.[8]

Buaiteoirí Dhuaiseanna EBBA 2012

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tír Ealaíontóir Albam
An OstairElektro GuzziElektro Guzzi
An BheilgSelah SueSelah Sue
An DanmhairgAgnes ObelPhilharmonics
An FhraincBen l’Oncle SoulSoulman
An GhearmáinBoyMutual Friends
ÉireJames Vincent McMorrowEarly in the Morning
An ÍsiltírAfrojackLost and Found
An RómáinAlexandra StanSaxobeats
An tSualainnSwedish House MafiaUntil One
An Ríocht AontaitheAnna CalviAnna Calvi

Buaiteoir Dhuais Rogha an Phobail: Selah Sue

Buaiteoirí Dhuaiseanna EBBA 2011

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tír Ealaíontóir Albam
An DanmhairgAura DioneColumbine
An GhearmáinThe BaseballsStrike
An FhraincZazZAZ
An IoruaDonkeyboyCaught
An RómáinInnaHot
An OstairSaint LuSaint Lu
An Ríocht AontaitheMumford & SonsSigh No More
An tSualainnMiike SnowMiike Snow
An ÍsiltírCaro EmeraldDeleted Scenes From The Cutting Room
An BheilgStromaeCheese

Buaiteoir Dhuais Rogha an Phobail: The Baseballs

Buaiteoirí Dhuaiseanna EBBA 2010

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tír Ealaíontóir Albam
An BheilgMilowMilow
An Ríocht AontaitheCharlie WinstonHobo
An GhearmáinPeter FoxStadtaffe
An OstairSoap&SkinLovetune for Vacuum
An EastóinKerliLove Is Dead
An tSualainnJenny WilsonHardships
An PhortaingéilBuraka Som SistemaBlack Diamond
An FhraincSliimyPaint Your Face
An ÍsiltírEsmée DentersOutta Here
An IodáilGiusy FerreriGaetana

Buaiteoir Dhuais Rogha an Phobail: Milow

Buaiteoirí Dhuaiseanna EBBA 2009

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tír Ealaíontóir Albam
An FhraincAaronArtificial Animals Riding on Neverland
An Ríocht AontaitheAdele19
An DanmhairgAlphabeatAlphabeat
An GhearmáinCinema BizarreFinal Attraction
An FhraincThe DøA Mouthfull
An ÍsiltírKraak & SmaakBoogie Angst
An DanmhairgIda CorrOne
An tSualainnLykke LiYouth Novels
ÉireThe ScriptThe Script
An Ríocht AontaitheThe Ting TingsWe Started Nothing

Buaiteoirí Dhuaiseanna EBBA 2008

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tír Ealaíontóir Albam
An BheilgRebornFools Rush In
An DanmhairgDúnéWe are in there, you are out there
An FhionlainnSunrise AvenueOn The Way To Wonderland
An FhraincAyoJoyful
An GhearmáinCascadaEverytime We Touch
ÉireDolores O'RiordanAre You Listening?
An PholainnHemp GruKlucz
An SpáinnMiguel Ángel MuñozM.A.M.
An tSualainnBasshunterLOL <(^^,)>
An Ríocht AontaitheThe FratellisCostello Music

Buaiteoirí Dhuaiseanna EBBA 2007

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tír Ealaíontóir Albam
An BheilgGabriel RíosGhostboy
An GhearmáinTokio HotelSchrei
An FhraincIlona MitreceyUn monde parfait
An GhréigElena PaparizouMy Number One
An Ríocht AontaitheCorinne Bailey RaeCorinne Bailey Rae
ÉireCeltic WomanCeltic Woman
An IodáilVittorio GrigoloIn the Hands of Love
An PholainnBlog 27Lol
An tSualainnJosé GonzálezVeneer
An SpáinnBeatriz LuengoBeatriz Luengo

Buaiteoirí Dhuaiseanna EBBA 2006

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tír Ealaíontóir Albam
An BheilgSarah BettensScream
An DanmhairgHushA Lifetime
An GhearmáinJuliEs ist Juli
An FhraincAmel BentUn jour d'été
An Ríocht AontaitheKT TunstallEye to the Telescope
ÉireHalHal
An tSualainnArashBoro Boro
An SpáinnBebePafuera Telanaras
An UngáirHeaven Street SevenGet Out And Walk!

Buaiteoirí Dhuaiseanna EBBA 2005

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tír Ealaíontóir Albam
An DanmhairgThe RaveonettesChain gang of love
An GhearmáinWir sind HeldenDie Reklamation
An FhionlainnRedramaEvery Day Soundtrack
An FhraincCorneilleParce que l'on vient de loin
An Ríocht AontaitheKatie MeluaCall Off the Search
ÉireDamien RiceO
An IodáilBenny BenassiHypnotica
An PholainnMyslovitzKorova Milky Bar
An tSualainnAna JohnssonThe Way I Am

Buaiteoirí Dhuaiseanna EBBA 2004

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tír Ealaíontóir Albam
An BheilgLasgoSome Things
An DanmhairgSaybiaThe Second You Sleep
An GhearmáinMasterplanMasterplan
An FhraincCarla BruniQuelqu'un m'a dit
An Ríocht AontaitheThe DarknessPermission To Land
ÉireThe ThrillsSo Much For The City
An IodáilTiziano FerroRosso Relativo
An PhortaingéilMarizaFado Em Mim
An SpáinnLas KetchupHijas del Tomate
  1. "Buaiteoirí Dhuaiseanna Eorpacha na mBristeoirí Teorann 2011" Curtha i gcartlann 2010-12-07 ar an Wayback Machine, Subba-cultcha.com. Arna aisghabháil 19 Meán Fómhair 2011
  2. 1 2 " Treoir d'fhéilte ceoil sa bhaile agus san AE " Curtha i gcartlann 2013-10-24 ar an Wayback Machine, Talktoeu.ie. Arna aisghabháil 19 Meán Fómhair 2011
  3. " I dTaobh Eurosonic Noorderslag", Eurosonic-noorderslag.nl. Arna aisghabháil 18 Meán Fómhair 2011
  4. 1 2 " Duaiseanna EBBA" Curtha i gcartlann 2011-09-23 ar an Wayback Machine, Eurosonic-noorderslag.nl. Arna aisghabháil 19 Meán Fómhair 2011
  5. " Clár Mhalartú Buanna na hEorpa" Curtha i gcartlann 2019-05-03 ar an Wayback Machine, Etep.nl. Arna aisghabháil 19 Meán Fómhair 2011
  6. "Critéir roghnúcháin " Curtha i gcartlann 2011-11-07 ar an Wayback Machine, Europeanborderbreakersawards.eu. Arna aisghabháil 19 Meán Fómhair 2011
  7. 1 2 3 " Duais an Aontais Eorpaigh do Cheol Comhaimseartha", Ec.europa.eu. Arna aisghabháil 19 Meán Fómhair 2011
  8. " Bhuaigh Milow an Chéad Rogha an Phobail ag EBBA!", Encore.celebrityaccess.com. Arna aisghabháil 19 Meán Fómhair 2011
  9. "Duaiseanna EBBA: bhuaigh The Baseballs Duais Rogha an Phobail", Eurosonic-noorderslag.nl. 12 Eanáir 2011
  10. " Programma " Curtha i gcartlann 2012-05-25 at Archive.today, Nps.nl. 8 Eanáir 2011

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]