Droichead Chuan Sydney
Jump to navigation
Jump to search
Ceann de chomharthaí suntasacha na hAstráile is ea an 'Droichead Chuan Sydney, an droichead stuach is airde ar domhan sa 20ú haois.[1][2] Tá an phríomháirse 503 m ar fhad, agus an pointe is airde 134 m os cionn na farraige. Tá trácht feithiclí agus iarnród air.
Is breá leis na hAstrálaigh leasainmneacha a thabhairt ar ghnéithe poiblí, agus tugtar ‘An Crochadán Cóta’ go forleathan ar an ndroichead.[3]
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Tógadh an droichead idir 1923-1932.
- Thóg sé go dtí 1985 a chostas a íoc ach tá dolaí ann i gcónaí.
- Osclaíodh tollán trasna an chuain i 1992.
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "Sydney Harbour Bridge, New South Wales" (en-AU). Sydney Tours. Dáta rochtana: 2022-03-19.
- ↑ "Chenab Arch Bridge set to be world's highest rail bridge. All you need to know" (en). Hindustan Times (2021-04-05). Dáta rochtana: 2022-03-19.
- ↑ Bearnaí Ó Doibhlin, Beo.ie, EAGRÁN 91 · SAMHAIN 2008
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol a bhaineann leis an Astráil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |