Dora Sigerson Shorter

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDora Sigerson Shorter

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith16 Lúnasa 1866
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Bás6 Eanáir 1918
51 bliana d'aois
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfile, dealbhóir, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileClement King Shorter Cuir in eagar ar Wikidata
AthairGeorge Sigerson  agus Hester Varian

IMSLP: Category:Shorter,_Dora_Sigerson Cuir in eagar ar Wikidata

B'fhile agus dealbhóir Éireannach í Dora Maria Sigerson Shorter (16 Lúnasa 1866 – 6 Eanáir 1918) [1] a scríobh faoin ainm Dora Sigerson Shorter tar éis a bheith pósta sa bhliain 1895.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh í i mBaile Átha Cliath, Éire. Is é Seóirse Sigerson, máinlia agus scríbhneoir, a athair agus is í Hester Varian, scríbhneoir eile, a máthair. Bhí ceathrar sa chlann agus ba ise an duine is sine.[2] D'úsáidtí a teach teaghlaigh, 3 Sráid an Chláraigh, mar áit chruinnithe d’ealaíontóirí agus scríbhneoirí, áit ar bhuail Dora le daoine tábhachtacha le linn na hathbheochana liteartha Gaeilge a bhí ag teacht chun cinn ag an am. D’fhreastail sí ar Scoil Ealaíne Bhaile Átha Cliath, áit a raibh WB Yeats ina comhscoláire.[3] Ba phearsa lárnach í le hAthbheochan Liteartha na hÉireann, agus is iomaí cnuasach filíochta a d’fhoilsigh sí ó 1893 i leith. Scríbhneoir ab ea a deirfiúr Hester Sigerson Piatt freisin. I measc a cairde bhí scríbhneoirí agus filí, Katharine Tynan, Rose Kavanagh agus Alice Furlong.[4]

Sa bhliain 1895 phós sí Clement King Shorter, iriseoir Sasanach agus léirmheastóir liteartha. Bhí cónaí orthu le chéile i Londain, go dtí gur bhásaigh sí nuair a bhí sí 51 d'aois de bharr cúiseanna nár nochtadh.[5] Scríobh a cara Katharine Tynan i sceitse beathaisnéise gur ‘briseadh croí a thug an bás’ mar gheall ar bhásuithe 1916.[6]

Rogha Foilseacháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • The Fairy Changeling and Other Poems Londain & Nua-Eabhrac: John Lane 1897.
  • The Story and Song of Black Roderick Londain: Alexander Moring 1906.
  • The Collected Poems of Dora Sigerson Shorter; le réamhrá ó George Meredith. Londain: Hodder & Stoughton, 1907.
  • New Poems. Baile Átha Cliath & Londain: Maunsel, 1912 (3ú eagrán., 1921).
  • Madge Linsey, and other poems. Baile Átha Cliath & Londain: Maunsel, 1913.
    Uaigh Dora Sigerson Shorter i Reilig Glas Naíon

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Dora Sigerson Shorter - Poems by the Famous Poet - All Poetry". allpoetry.com. Dáta rochtana: 2022-07-18.
  2. "Dora Sigerson Shorter". www.ricorso.net. Dáta rochtana: 2022-07-18.
  3. "House Life : Space, Place and Family in Europe" (1999). Bloomsbury Academic. doi:10.5040/9781474214919.ch-004. 
  4. Curran, Constantine Peter. (1970). "Under the receding wave : period photos". Gill & Macmillan. OCLC 1017325407. 
  5. Aylward Shorter; Maggie Price Taylor (2003). "The Shorter family : England, America, and Africa in the history of a family". Bowie, Md.: Heritage Books. OCLC 52099831. 
  6. "Dora Sigerson Shorter". www.ricorso.net. Dáta rochtana: 2022-07-18.