Donncha Ó hÉallaithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDonncha Ó hÉallaithe
Beathaisnéis
Teanga dhúchaisan Ghaeilge
Gníomhaíocht
Gairmléachtóir, gníomhaí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirInstitiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Is acadóir agus gníomhaí ar son na Gaeilge agus mhuintir na Gaeltachta é Donncha Ó hÉallaithe.

Tógadh Ó hÉallaithe i gCluain Meala i gContae Thiobraid Árann. Bhain sé céim san innealtóireacht amach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, áit ar chuir sé aithne ar chainteoirí dúchais as Conamara.[1] Ansin bhí sé ina léachtóir le matamaitic in Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo.[2] D’fhoghlaim sé an Ghaeilge ar scoil agus i measc cainteoirí dúchais i nGaeltacht Chonamara.

Tá aithne mhaith ar Ó hÉallaithe mar ghníomhaí Gaeltachta agus mar thráchtaire, cé go n-oibríonn sé i gcónaí mar dhuine aonair seachas faoi scáth eagraíochta.[3] Cuireadh an Ghaeilge ar a shúile mar theanga bheo den chéad uair nuair a thug sé féin agus daoine eile ina rang scoile cuairt ar Chorca Dhuibhne i gCiarraí. I bhfad ina dhiaidh sin, i 1969, ghlac sé páirt sa troid ar son cearta teanga i gConamara.[4]

Is seoltóir díograiseach é, agus sa bhliain 1986, thaistil sé féin agus roinnt compánach ar húicéir go dtí Oileáin Fharó.[5] Nuair a bhí sé ann, chonaic sé an stáisiún teilifíse áitiúil Sjónvarp Felagíð í Havn (“Cumann Teilifíse Tórshavn”). Ar fhilleadh dó, chuir sé an méid sin in iúl don scannánóir Bob Quinn, agus chuir Quinn agus daoine eile tarchuradóir den sórt céanna suas sa Ghaeltacht sa bhliain 1987. Cruthaíodh Teilifís na Gaeilge (TG4 anois) sa bhliain 1996 mar thoradh air seo.[6]

Chabhraigh Ó hÉallaithe le poiblíocht a thabhairt don taighde sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (2007), cáipéis a léirigh titim thobann in úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht.[7]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Rónán Mac Con Iomaire, "Agallamh Beo le Donncha Ó hÉallaithe," Beo, Eagrán 50, Meitheamh 2005: http://www.beo.ie/alt-donncha-o-heallaithe.aspx
  2. Getting real about Gaeilge” (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-06-28.
  3. Rónán Mac Con Iomaire, "Agallamh Beo le Donncha Ó hÉallaithe," Beo, Eagrán 50, Meitheamh 2005: http://www.beo.ie/alt-donncha-o-heallaithe.aspx
  4. Rónán Mac Con Iomaire, "Agallamh Beo le Donncha Ó hÉallaithe," Beo, Eagrán 50, Meitheamh 2005: http://www.beo.ie/alt-donncha-o-heallaithe.aspx
  5. White, Jerry (2009-11-17). "The Radio Eye: Cinema in the North Atlantic, 1958-1988" (in en). Wilfrid Laurier Univ. Press. ISBN 978-1-55458-212-9. 
  6. Siggins, Lorna. “President Higgins pays tribute to TG4 as it turns 20” (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-06-28.
  7. Conchúr Ó Giollagáin, Fiona Ní Chualáin, Joe Mac Mac Donnacha, Aoife Ní Sheaghdha, "Comprehensive Linguistic study of the Use of Irish in the Gaeltacht: Principal Findings and Recommendations 2007, a research report prepared for The Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs": https://www.researchgate.net/publication/325472974_COMPREHENSIVE_LINGUISTIC_STUDY_OF_THE_USE_OF_IRISH_IN_THE_GAELTACHT_PRINCIPAL_FINDINGS_AND_RECOMMENDATIONS_2007_A_RESEARCH_REPORT_prepared_for_THE_DEPARTMENT_OF_COMMUNITY_RURAL_AND_GAELTACHT_AFFAIRS