Domhanghart mac Domhnaill
| Ainm sa teanga dhúchais | (gd) Domangart mac Domnaill |
|---|---|
| Beathaisnéis | |
| Breith | 7 haois |
| Bás | 673 |
| Liosta Ríthe Dhál Riada | |
| 660 – 673 ← Conall Crannomhna – Maol Dúin mac Conaill → | |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | monarc |
| Teaghlach | |
| Páiste | Eochaidh mac Domhanghairt |
| Athair | Domhnall Breac |
Rí Dhál Riada san Albain ba ea Domhanghart mac Domhnaill (Meán-Ghaeilge Domangart mac Domnaill) (bás 673). Domhnall Breac ba ea a athair. Ní fios go cruinn arbh rí Dhál Riada é nó rí Cenél nGabráin ach amháin.
Ní fheictear Domahnghart sa Duan Albanach ach tá sé ann i bhfoinsí eile, amhail is ginealaigh William I na hAlban agus Causantín mac Cuilén i Seanchas Fear Alban. Deirtear anseo go raibh sé ina athair le Eochaidh.
Dar le roinnt rí-liostaí, scar Cenél Comgaill ó Cenél nGabráin le linn a réimis.
Tuairiscítear i nAnnála Uladh gur maraíodh é sa bhliain 673.[1]
Ní fios go cruinn cé a tháinig i gcomharbacht air, nó mar Rí Dhál Riada, dá mba amhlaidh é, nó mar rí Cenél nGabráin. I measc ríthe a bhfuil eolas againn ó orthu i ndiaidh Dhomhanghairt, tá Maol Dúin mac Conaill agus Domhnall Donn de Cenél nGabráin, agus Fearchar Fada de Cenél Loairn. Tugtar dó siúd réimeas 21 bliain sa Duan Albanach agus rí-liostaí, rud a chuirfeadh in úil gur tháinig sé i gcoróin gar do bhás Dhomhanghairt.
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Anderson, Alan Orr, Early Sources of Scottish History A.D 500–1286, imleabhar 1. Athchló le ceartúcháin. Paul Watkins, Stamford, 1990. ISBN 1-871615-03-8
- Bannerman, John, Studies in the History of Dalriada. Scottish Academic Press, Dún Éadain, 1974. ISBN 0-7011-2040-1
- Broun, Dauvit, The Irish Identity of the Kingdom of the Scots in the Twelfth and Thirteenth Centuries. Boydell, Woodbridge, 1999. ISBN 0-85115-375-5
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Annála Uladh, AU