Fearchar Fada
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 7 haois |
| Bás | 697 |
| Liosta Ríthe Dhál Riada | |
| 678 – 697 ← Domhnall Donn – Eochaidh mac Domhanghairt → | |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | monarc |
| Teaghlach | |
| Páiste | Ainfhaichilleach mac Fearchair, Sealbhach mac Fearchair |
| Athair | Feradach mac Fergusa |
Rí Chineál Loairn is dócha agus Rí Dhál Riada b'fhéidir ba ea Fearchar Fada (Sean-Ghaeilge Ferchar Fota) (bás c. 697). Feareadhach mac Fearghasa ba ea a athair. Deirtear go raibh sé sa séú glúin amach ó Loarn mac Eirc.
Feictear Fearchar sin chéad uair i nAnnála Tiarnaigh sin bhliain 678, nuair a bhí sé i gceannas Chineál Loairn in éadan na "Britonés" as Tiriodh, is amhlaidh as Alt Clut.[1] Tuairiscítear an Cath i nAnnála Uladh, cá nach ndéantar trácht ar Fhearchar.[2] Ní fheictear Fearchar arís ach ina thásc sa bhliain 697.[3][4]
Tugtar réimeas 21 bliain dó sa Duan Albanach, agus dá mba fhíor, bhí Fearchar i gcoróin mar rí Dhál Riata óna 670í ar aghaidh. É sin, nó ní dhearnadh rí Dhál Riata de tar éis bás Domhnaill Dhoinn sa bhliain 696.[5]
Rinneadh ríthe Dhál Riada dá mhic Ainbcellach agus Sealbhach.
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Anderson, Alan Orr, Early Sources of Scottish History A.D 500–1286, imleabhar 1. Athchló le ceartúcháin. Paul Watkins, Stamford, 1990. ISBN 1-871615-03-8
- Broun, Dauvit, The Irish Identity of the Kingdom of the Scots in the Twelfth and Thirteenth Centuries. Boydell, Woodbridge, 1999. ISBN 0-85115-375-5
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Annála Tiarnaigh, AT 678.4 (Tírinn)
- ↑ Annála Uladh, AU 678.3
- ↑ AU 697.2
- ↑ AT 697.2
- ↑ AU 696.1