Diarmuid Ua Conaill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDiarmuid Ua Conaill

Bithcheimiceoir comhairleach ab ea Diarmuid Ua Conaill (1941 - 2018).

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Diarmuid Ua Conaill i gCathair Chorcaí sa bhliain 1941 agus d'fhás sé suas i dTír Chonaill agus i gCiarraí, an dara páiste i measc seisir. Thosaigh sé le scríbhneoireacht nuair a bhí sé ina dhéagóir. Bhain sé amach céim MSc sa bhithcheimic ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Chaith sé an chuid is mó da shaol oibre ag Ospidéal an Mater, i mBaile Átha Cliath mar bhithcheimiceoir comhairleach, ar feadh breis is 30 bliain. Duine séimh ciúin, fiosrach faoin saol, faoin réalteolaíocht agus faoin ríomheolaíocht go háirithe. Bhí gean aige don Ghaeilge i gcónaí riamh. Bhain sé an-taitneamh as comhluadar a chairde sa Chiorcal Comhrá i mBinn Éadair. Athair dilis clainne ba ea é, a bhain sult as taisteal, stair theghlaigh, ficsean eolaíochta, seoladh bád, beiriste agus spaisteoireacht le madra.

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'éag Diarmuid i mí Iúil 2018, agus maireann a bhean chéile Annette, ceathrar iníon, seachtar garchlainne, beirt deirfiúr agus beirt sá dtriúr deartháir. Adhlacadh é i mBaile Átha Cliath.


Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Comhairle don Duine Óg, 1959
  • Cnoc an Arbhair, 1957
  • Dán, 2016
  • Haighcú, 2018

Féach:'Scríbhneoirí Cois Teorann 4', Eagarthóir: Seosamh Mac Muirí, Coiscéim [1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. www.coisceim.ie