Jump to content

Diarmait mac Tommaltaig

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDiarmait mac Tommaltaig
Beathaisnéis
Bás833
Teaghlach
SiblínMuirgius mac Tommaltaig agus Finsnechta mac Tommaltaig
Duine muintearthaCathal mac Muirgiussa (nia) Cuir in eagar ar Wikidata

Rí na gConnacht de chlann Uí Bhriúin ba ea Diarmaid mac Tomaltaigh (Sean-Ghaeilge Diarmait mac Tommaltaig) (bás 833). Indreachtach mac Muireadhaigh Mhoilleathain (bás 723), iar-rí, ba ea a sheanathair.[1][2] Tuairiscítear bás a athar Tomaltach mac Murghaile (bás 774) ina nglaoitear rex Cruachna Ai air.[3] Tháinig Diarmaid i gcomharbacht ar a dheartháir Muiris (bás 815). Síol Mhuireadhaigh ba ea a mhuintir. Bhí sé i réim ón mbliain 815 go dtí 833.

Rí rathúil a bhí a dheartháir, agus cumhacht na gConnacht á fhorbairt aige. Rí go bhfreasúra é Diarmaid ag tús a réimis, ámh. Sa bhliain 816, chloígh sé he Uí Fhiachrach Mhuaidhe (nach raibh i gcoróin na gConnacht ón mbliain 773) agus chreach sé Foibrén i gcríocha Grecraige (aitheachthuath Uí Fiachrach Muaidhe).[4] Deirtear sna hannála gur maraíodh go leor daoine den chosmhuintir (ignobiles) san ionsaí seo.

Sa bhliain 818, chur sé a cheannas ar Uí Maine (tríú dream na gConnacht faoin am seo, lonnaithe i gcontaetha na Gaillimhe agus deisceart Ros Comáin) nuair a bhain sé bua amach i gCath Forath i nDealbha Nuad (aitheachthuath of Uí Maine i ndeisceart Ros Comáin).[5] Maraíodh a rí Cathal mac Murchadha. Feictear Maol Chothú mac Fógartaigh de Shíol Chathail mar bhuaiteoir agus glaoitear ríthe Uí Bhriúin (Reges Nepotum Briuin) orthu, rud a thugann le fios gur lear ríthe a bhí iontu beirt.

Sa bhliain 822, chloígh Diarmaid a chéilí comhraic Uí Bhriúin i gCath Tarbga.[6] Throid fir Uí Mhaine ar son Diarmada sa chath úd. Tuairiscítear cath eile i measc na gConnacht don bhliain 824.[7] Ní fhaightear sna hannála freasúra in aghaidh riail Dhiarmada tar éis an chatha seo.

Sa bhliain 818, tháinig easpag Ard Mhacha, Artrí mac Conchobair, chuig na Connachta le scrín Naomh Pádraig.[8] Tháinig sé ar ais sa bhliain 825 chun Cáin Phádraig a chuir i bhfeidhm ann.[9][10] Chuir na heachtraí riail Dhiarmada ar bun dlisteanachta.

Sa bhliain 829, rinne an tArdrí, Chonchúr mac Donnchadha (bás 833), le fir na Mí, ruathar ar na Connachta agus chloígh sé iad.[11] Sa bhliain 830, chloígh Ríthe na Mumhan, Feilimí mac Criomhthainn (bás 847), Uí Briúin Seola.[12] Tharla na heachtraí seo le linn comhaontais ghearrshaolaigh idir an bheirt, a bheadh go gairid i ndiaidh sin in achrann a chéile.[13]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Annála Uladh, G100001A
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Ó Corráin, Donnchad (1972), Ireland Before the Normans, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Byrne, Tábla 20
  2. Ó Corráin, lch. 178
  3. Annála Uladh, AU 774.4
  4. AU 816.8
  5. AU 818.9
  6. AU 822.6
  7. AU 824.5
  8. AU 818.5
  9. AU 825.14
  10. Byrne, lch. 220
  11. AU 829.4
  12. AU 830.6
  13. Byrne, lch. 221