Cathal mac Muirgiussa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCathal mac Muirgiussa
Beathaisnéis
Bás839
Teaghlach
AthairMuirgius mac Tommaltaig
Duine muintearthaDiarmait mac Tommaltaig (parent's brother (en) Aistrigh)
Finsnechta mac Tommaltaig (uncail) Cuir in eagar ar Wikidata

Rí na gConnacht de chlann Uí Bhriúin ba ea Cathal mac Muiriosa (Sean-Ghaeilge Cathal mac Muirgiussa) (bás 839). Muiris mac Tomaltaigh (bás 815), iar-rí, ba ea a athair.[1][2] Síol Muireadhaigh ba ea a mhuintir. Bhí sé i gcoróin ón mbliain 833 go dtí 839, i gcomharbacht ar a uncail, Diarmaid mac Tomaltaigh (bás 833).

Le linn a réimeas, thosaigh arís ionsaithe Lochlannacha. Sa bhliain 836, rinne siad ollscrios crua ar tailte uile na gConnacht ón Sionainn go dtí an cósta thiar.[3][4] Sa bhliain 838, maraíodh deartháir Chathail, Maol Dúin, ag tríd ina n-éadan.[5]

Sa bhliain 837, rinne rí cumhachtach na Mumhan, Feilimí mac Criomhthainn (bás 847), ionsaí ar na Connachta agus chreach sé Uí Mhaine. Chuir Cathal an t-ionsaí seo ó dheas ag Magh Aoi (Mag nAi).[6][7]

Tar éis a bháis, briseadh an smacht ó oidhreacht a bhí ag a chlann ar an ríoghacht, le teacht chun cinn Murchadh mac Aodha de Shíol Chathail. Tháinig a mhuintir i réim sa bhliain 855, and, nuair a rinneadh rí Chonnacht dá nia, Conchúr mac Taidhg Mhóir (bás 882).

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Annála Uladh, G100001A, Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Ó Corráin, Donnchad (1972), Ireland Before the Normans, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Byrne, Tábla 20
  2. Ó Corráin, lch. 178
  3. Annála Uladh, AU 836.10
  4. Ó Corráin, lch. 90
  5. AU 838.9
  6. AU 837.8
  7. Byrne, lch. 222