Murchadh mac Aodha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Murchad mac Áedo)
Infotaula de personaMurchadh mac Aodha
Beathaisnéis
Bás840
Teaghlach
Duine muintearthaCathal mac Muireadhaigh (sin-seanathair) Cuir in eagar ar Wikidata

Ba Rí na gConnacht de chlann Uí Bhriúin é Murchadh mac Aodha (Sean-Ghaeilge Murchad mac Áedo). Síol Chathail ba ea a mhuintir, agus an bunaitheoir Cathal mac Muiredaig (bás 735) a shin-seanathair. Bhí sé i réim ón mbliain 839 go dtí 840.[1][2]

Bhí seanathair Mhurchadha, Fógartach mac Cathail (bás 789), ina éilitheoir ar an gcoróin. Bhí Síol Mhuireadhaigh chun cinn sa ríogacht idir na blianta 796 go 839, trína uncail, Maol Cothaidh mac Fógartaigh (beo 818), a bhí b'fhéidir ina leasrí ag am éigin. Bhí Murchadh an chéad fhear de Shíol Chathail ón mbliain 782 a fheictear sna hannála maraon leis na ríliostaí.

Níl aon sonraí ar an eolas faoina réimeas gearr, seachas a thásc sna hannála.[3]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Annála Uladh, G100001A, Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Ó Corráin, Donnchad (1972), Ireland Before the Normans, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Byrne, Tábla 20
  2. Ó Corráin, lch. 178
  3. Annála Uladh, AU 840.5