Diarmaid Ó Súilleabháin
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1932 |
Bás | 5 Meitheamh 1985 52/53 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Phádraig, Droim Conrach |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, file |
Teangacha | An Ghaeilge |
Scríbhneoir Gaeilge ba ea Diarmaid Ó Súilleabháin (29 Iúil 1932 – 5 Meitheamh 1985) a thug léargas ar shaol uirbeach a linne. Scríbhneoir cruthaitheach ba ea é, nuálaí ag an am.[1]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Diarmaid Ó Súilleabháin in aice leis na hAoraí i leithinis Bhéara, Contae Chorcaí. Bhí an Ghaeilge ag fáil bháis ina cheantar dúchais agus an Súilleabhánach óg. Ach mhúscail daoine a bhí páirteach i ngluaiseacht na Saoirse i mBéara a spéis sa teanga agus sa pholaitíocht. Bhí cúigear uncail dá chuid páirteach i gCogadh na Saoirse, agus ba phoblachtánach diongbháilte é Diarmaid ar feadh a shaoil.
Fuair sé a chuid meánscolaíochta i gColáiste Íosagáin, Baile Bhuirne agus chuaigh as sin go Coláiste Phádraig, Droim Chonrach chun oiliúint a fháil mar mhúinteoir bunscoile.
Bhí sé ag obair le daltaí bodhra i mBaile Átha Cliath ar feadh cúpla bliain tar éis dó cáiliú i 1951. Chaith sé dhá bhliain eile ag obair ina cheantar dúchais sula bhfuair sé post buan i Scoil na mBráithre i nGuaire. Phós sé Úna Ní Chléirigh as Contae na Mí i 1954 agus bhí cúigear clainne acu.
Bhí sé ina bhall gníomhach de Shinn Féin agus cuireadh i bpríosún é i 1972 de bharr óráidí a rinne sé ag tacú le feachtas na Sealadach i dtús na seachtóidí. Bhí sé ar Ard-Chomhairle Shinn Féin agus ina stiúrthóir poiblíochta ag gluaiseacht na poblachta.
Bhí sé mór leis an bpéintéir Paul Funge a bhunaigh an Gorey Arts Centre, agus ba ionad cruinnithe d'ealaíontóirí agus do scríbhneoirí a theach féin chomh maith.
Bhí an tsláinte go dona ag Diarmaid Ó Súilleabháin ó bhí sé ina fhear óg, agus d'éag sé ar an 5 Meitheamh 1985 in aois a 53 bliana.
Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Mar scríbhneoir atá iomrá anois leis. Bhí sé de chuspóir aige saol na cathrach a léiriú i nGaeilge, rud nach coitianta ag an am.[3]
Scríobh sé ocht leabhar do dhaoine fásta agus dhá cheann do dhéagóirí. Scríobh sé seacht ndráma gan foilsiú freisin. Toghadh é ina bhall den Irish Academy of Letters agus bhain sé Duais an Bhuitléaraigh agus duaiseanna Oireachtais.
Ba úrscéal do dhéagóirí an chéad leabhar dá chuid a cuireadh i gcló, Súil le Muir. Ba é Dianmhuilte Dé, a bhí suite ina cheantar dúchais le linn Chogadh na Saoirse, an chéad mhórshaothar dá chuid (1964).
Tá leabhar scríofa faoina shaothar liteartha ag Iarla Mac Aodha Bhuí: "Diarmaid Ó Súilleabháin: Saothar Próis" a d'fhoilsigh an Clóchomhar i 1992.
Scríobh Seosamh Ó Murchú, atá anois ag obair mar Eagarthóir Sinsearach leis an nGúm, tráchtas ar shaothar Uí Shúilleabháin don MA sa Nua-Ghaeilge, Coláiste Phádraig, Má Nuad, i lár na n-ochtóidí. [4]
Tá na seacht ndráma a scríobh sé gan foilsiú. In Halla Damer agus sa Phéacóg a léiríodh an chuid is mó díobh.[1]
Liosta leabhar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Súil le Muir, Cló Mórainn, 1959 (do dhéagóirí)
Trá agus tuileadh, Sáirséal agus Dill, 1967 (do dhéagóirí)
Caoin tú féin, Sáirseál agus Dill, 1967
An uain bheo, Sárséal agus Dill, 1968
Muintir, Sáirséal agus Dill, 1970 (gearrscéalta)
Maeldún, Sáirséal agus Dill, 1972
Dianmhuilte Dé, Sáirseál agus Dill, 1973
Ciontach, Coiscéim 1983
Aistear, Coiscéim, 1983
Bealach Bó Finne, Coiscéim, 1988
Lá Breá Gréine Buí agus Oighear Geimhridh, Coiscéim 1994
Tá clár a shaothair in Iarla Mac Aodha Bhuí, Diarmaid Ó Súilleabháin: saothar próis, 1992. Tá léirmheas le fáil in Seán Ó Tuama, Repossessions: Selected Essays on the Irish Literary Heritage, 1995
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 "Ó SÚILLEABHÁIN, Diarmaid (1932–1985)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2022-11-30.
- ↑ "Éigse Dhiarmuidin – Féile Amhránaíochta & Ceoil i gcuimhne Dhiarmuid Uí Shúilleabháin a reáchtáiltar gach bliain i Cúil Aodha and Baile Bhuirne, Gaeltacht Mhúscraí, Co. Chorcaí. [eolas@eigse.ie]" (ga-IE). Dáta rochtana: 2022-11-30.
- ↑ Zircon Publishing agus The Irish Times (1973). Who’s Who, What’s What and Where in Ireland. Geoffrey Chapman Publishers.
- ↑ cf. an réamhrá a scríobh Seosamh Ó Murchú, "Bealach Bó Finne", le Diarmaid Ó Suilleabháin, Coiscéim 1988