Denis Burkitt
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 28 Feabhra 1911 Inis Ceithleann, Northern Ireland |
Bás | 23 Márta 1993 82 bliana d'aois Gloucester, England |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Portora Royal School (en) Dean Close School (en) Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Scoil Leighis, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Máinliacht |
Gairm | lia mileata, máinlia, oinceolaí |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Gairm mhíleata | |
Brainse míleata | Arm na Breataine |
Coinbhleacht | An Dara Cogadh Domhanda |
Gradam a fuarthas
|
Dochtúir a saolaíodh in Inis Ceithleann ab ea Denis Burkitt (28 Feabhra 1911 - 23 Márta 1993). Agus é ina mháinlia in Uganda, 1947-1964, rinne sé staidéar ar dháileadh na hailse áirithe a dtugtar liomfóma Burkitt anois uirthi. Galar is ea é a mháchailigh is a mharaigh an-chuid páistí sna tíortha Afracacha meánchiorclacha. Thaispeáin sé gur víreas ar leith, víreas Epstein-Barr, is cúis leis an liomfóma seo. Tá leigheas ar liomfóma Burkitt tríd an víreas sin a chloí. Léirigh sé freisin an ceangal idir galair is cothú. I 1971 chruthaigh sé an dlúthcheangal idir easpa gairbhsí snáithíní sa chothú is ailse na bputóg. Mar thoradh, tháinig réabhlóid i gcúrsaí cothaithe ar fud an Domhain agus feabhas as cuimse ar ár dtuiscint ar cad is cothú folláin ann.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Denis Burkitt". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 100.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |