Deinge
Jump to navigation
Jump to search
Galar víreasach trom a tharchuireann muiscítí. Bhíodh sí teorannaithe do na trópaicí, ach le himeacht ama is scaipeadh na muiscítí, tá an galar ag scaipeadh freisin. Faigheann cuid de na daoine ionfhabhtaithe na siomtóin chlasaiceacha: fiabhras deinge, tinneas cinn, pianta sna hailt, gríos ar an gcraiceann, agus ina dhiaidh sin marbhántacht is dúlagar. Faigheann cuid eile foirm fhuilreatha den ghalar, le hurlacan, pianta sa bholg, cliseadh an imshruthaithe, agus i gcuid mhaith cásanna, bás.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |