Fiabhras deinge
Is ionfhabhtú víreasach é fiabhras deinge a scaiptear chuig daoine trí ghreim ó mhuiscítí ionfhabhtaithe. Tá an galar níos coitianta i Meiriceá Theas agus san Áise Thoir Theas ná mar atá in aon áit eile, ach is ann dó san Afraic freisin. D’fhéadfadh fiabhras deinge a bheith ina chúis le deacrachtaí tromchúiseacha agus bagrach don bheatha fiú uaireanta.
Is annamh a bhíonn fiabhras deinge san Aontas Eorpach/Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, ach tuairiscítear ráigeanna i ndeisceart na hEorpa uaireanta. Is iad na daoine a thaistealaíonn chuig limistéir ina bhfuil an galar coitianta is mó atá i mbaol ionfhabhtaithe. Ar fud an domhain, ionfhabhtaíonn an víreas deinge na milliúin daoine gach bliain, agus maraítear 20 000 go 25 000 duine dá bharr.
Faigheann cuid de na daoine ionfhabhtaithe na siomptóim chlasaiceacha: fiabhras deinge, tinneas cinn, pianta sna hailt, gríos ar an gcraiceann, agus ina dhiaidh sin marbhántacht is dúlagar. Faigheann cuid eile foirm fhuilreatha den ghalar, le hurlacan, pianta sa bholg, cliseadh an imshruthaithe, agus i gcuid mhaith cásanna, bás.[1]
Tá ceithre shéiritíopa deimhnithe ag víreas deinge; de ghnáth tugann ionfhabhtú le cineál amháin díolúine ar feadh an tsaoil don chineál sin, ach ní thugann sé ach díolúine ghearrthéarmach do na chineál eile. Méadaíonn ionfhabhtú ina dhiaidh sin le cineál difriúil an baol go mbeidh aimhréidheanna tromchúiseacha ann.[2] Tá siomptóim deinge cosúil le go leor galar eile lena n- áirítear maláire, fliú, agus Zika.[3] Tá tástálacha fola ar fáil chun an diagnóis a dheimhniú lena n-áirítear Aigéad ARN víreasach a bhrath, nó antasubstaintí don víreas.[4]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Deinge". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 205.
- ↑ "Dengue | CDC Yellow Book 2024".
- ↑ "StatPearls" (14 November 2022). Treasure Island (FL): StatPearls Publishing. PMID 28613483.
- ↑ "Dengue Diagnosis | CDC" (en-us).
| Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |