Deastógáil Muire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtDeastógáil Muire
Íomhá
Cineáldogma
téama ealaíne
miotas
entering heaven alive (en) Aistrigh
féile reiligiúnach
lá saoire
anniversary (en) Aistrigh
non-working day (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deGlorious Mysteries (en) Aistrigh agus bliain liotúirgeach Cuir in eagar ar Wikidata
PríomhábharMuire Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach agus Anglican Communion (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata


Sa Chríostaíocht, tugtar Deastógáil Mhuire ar thógáil na Maighdine Muire suas ar Neamh. Tugtar Lá Fhéile Muire san Fhómhar ar an bhféile, ar 15 Lúnasa.

Paul Rubens, 1626

Bíobla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Codladh (Dormition) sa Cheartchreidmheachas agus sa mheánaois

Is é seo an cur síos atá uirthi sa Bhíobla Naofa: “Ansin thaibhsigh an comhartha mór sa spéir, bean a raibh an ghrian mar bhrat uimpi agus an ghealach faoina cosa agus coróin de dhá réalta dhéag ar a ceann.” (Apacailipsis Eoin 12:1)

An ciall atá ann ná chaith Muire a saol faoi inspioráid an Spioraid Naoimh[1]. Lean sí a Mac sa saol seo agus ansin isteach sna flaithis.

Féile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugtar Lá Fhéile Muire san Fhómhar ar an bhféile. Tógadh an Mhaighdean gan Smál, Muire Máthair Dé chun glóire na bhflaitheas idir chorp agus anam. Lá mór ceiliúrtha do na Caitlicigh is ea é. Bíodh an-mhuinín acu as cabhair agus cumhdach na Maighdine.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1950, d’fhógair an Pápa Pius XII gur deastógadh an Mhaighdean Mhuire idir chorp agus anam chun na bhFlaitheas.

Mar sin, is ceann de laethanta saoire na hEaglaise é agus tá sé de dhualgas ar na freastal ar na Caitlicigh Aifreann agus staonadh ó obair shaothrach gan ghá.

Béaloideas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is véarsa é seo ón mbéaloideas:[2][3][4][5]

Is maith an bhean Muire Mhór,

Máthair ardrí na slua síor,

Is iad a ghrásta is gnáth lán,

Beana chuir fál faoi gach tír

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Ennis Parish (2014). "[www.ennisparish.com/publications/newsletter/10th_August_2014[2014-8-10].pdf Ennis Parish News]". Dáta rochtana: 15 Lúnasa 2018.
  2. Palestrina Choir (2006-11-01). "Is Maith an Bhean Muire Mhor" (as ga-IE). 
  3. duchas.ie. "Eas Fhionáin · Baile na Bó · The Schools' Collection" (ga-IE). dúchas.ie. Dáta rochtana: 2023-08-14.
  4. duchas.ie. "Árd Mhór · The Schools' Collection" (ga-IE). dúchas.ie. Dáta rochtana: 2023-08-14.
  5. duchas.ie. "Lá Fhéile Muire Mór san Fhómhar · Naul · The Schools' Collection" (ga-IE). dúchas.ie. Dáta rochtana: 2023-08-14.