Miotas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

De ghnáth, scéal traidisiúnta mar gheall ar eachtraí osnádúrtha is déithe, difriúil ó fhinscéalta nó ságaí a chlúdaíonn eachtraí daonna, agus fabhalscéalta nó síscéalta a chumtar chun taitneamh a thabhairt do dhaoine is b'fhéidir ceachtanna a mhúineadh. Bíonn comhcheangail láidre go minic idir miotais agus reiligiúin. Dar le hEoihéimireas sa 4ú céad RC, b'eachtraí áibhéileacha fíordhaoine na miotais. Baineadh agus baintear feidhm astu go fairsing sa litríocht ar fud an Domhain, agus in Éirinn gan aon dabht. Tá teoiricí éagsúla ag na hantraipeolaithe ar an miotaseolaíocht san aois seo.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Miotas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 462.