Dartraí (tuath)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Túathtríocha céad in Éirinn na Meánaoise ba ea Dartraí (Sean-Ghaeilge Dartraige). Bhí achrann aige idir Cluain Eois ó thuaidh agus Abhainn an Droma Mhóir ó dheas. Níos deireanaí, tugadh isteach i gContae Mhuineacháin é mar bharúntacht, Dartraí.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tuath Gaelach ba ea, suite in iarthair Chontae Mhuineacháin an lae inniu. Is é brí leis an ainm ná "lao-dream".[1][2][3]

Feictear Dartraí i Leabhar na gCeart mar chuid de ríocht na nOiriall. Caomhnaítear sa Leabhar dán luaite le Benén mac Sescnén, cantaire Phádraig, cé go dtéann an leagan caomhnaithe siar ach go dtí idir 901 agus 908:[4][5]

Dligid[6] rí Dartraigi, in daig,[7]
ceithri mogqaid mórastair,[8] ceithri claidim chruaidi i cléith,
ceithri heich, ceithri hór-scéith.

Dlíonn rí Dhartraí, an daigh,
ceithre dhaoránach mórdhua,
ceithre chlaíomh crua i gcléith,
ceithre each, ceithre ór-scéith.

Déantar tráchta sna hannála dosana 11ú agus 12ú haoiseanna ar Uí Bhaoíalláin mar thiarnaí Dhartraí. Sa bhliain 1297, bhí Roalbh Mac Mathghamhna, deartháir rí na nOiriall, ina thiarnaí Dhartraí. Níor tháinig clann Uí Bhaoíalláin choiche i gceannas Dhartraí.[9]

Sa 17ú haois, d'éirigh ceantar i ndeisceart na dúiche ina Dartrey Estate, i seilbh Richard Dawson, ar a nglaoitear Coill Dartraí anois air. Tá ann 'Loch Laistigh' agus oileán beag inti, seanchrannóg is dócha, a thugadh míniú ar an ainm Dartraige Coinn Innsi sna hannála, b'fhéidir chun idirdhealú a dhéanamh idir an tuath seo agus Dartraí eile suite i mBréifne.

Tagairtí sna hAnnála[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • AU 947.3: Scolaigi H. Aedhacain, ri Dartraigi, & Gairbith m. Muiredhaigh, ridomna H. Cremhtain, & Aedh H. Ruarc m. Tigernain, h-i frithguin
  • AU 961.3: Ualgarc, rí Dartraighi, a suis occisus est
  • AU 998.4: Domnall m. Duinn Chuan, ri Dartraighi, do marbad do Galengaibh
  • 1006: Trénfher ua Baigheallán, tigherna Dartraighe, was slain by the Cenel Conaill on Loch Erne.[10]
  • ACM 1093: Aodh Ua Baigheallán, tigherna Airghiall, do mharbhadh la Conaillibh Muirthemhne.
  • LMC 1179: Maidm & ar for Saxib Ceanannsa la Mael Ruanaig h-m-Baighallain gu n-droing do Dartraigi.
  • ALC 1349.1: Maidm do thabhairt d'Aedh .H. Ruairc ar Flaithbheartach .H. Ruairc ocus ar Dondchadh .H. n-Domhnaill, ocus ar Dartraigibh, ocus Aedh Mac Flannchaidh, taisech Dartraigi, do marbhadh and, ocus Gilla na Naemh Mag Flannchaidh, ocus Lochlainn mac Andilis .H. Baighill, et alii multi nobiles
  • ALC 1366.2: Cathal Mag Flannchaidh, taisech Dartraigi, do marbhadh la Cloinn Muircheartaigh iarsin.
  • AU 1457.2: Mag Uidhir & Pilib Mag Uidhir do dhul, sluagh mor, a n-Dartraighi Con Innsi &, o nach rucadur ar chaeraidhecht, do loisgedur Dartraighi uile & baile Eogain, mic Rugraidhe Meg Mathgamna, .i. Lis na n-Gabur & a toighecht dia tigh don turus-sin fo buaidh cosgair & araile.
  • AU 1486.12: Brian, mac Rughraidhe, mic Ardghail Meg Mathgamna (.i. tigherna Dartraighe), do marbadh le Gallaibh Machaire Oirghiall 8 Idus Iunii
  • AU 1505.8: Sluaighedh leis h-Ua Neill, .i. le Domnall, a n-Dartraigi Oirgiall & an tir do milliudh & do crechadh leis & Aedh, mac Seaain Buidhe, mic Eogain Meg Mathgamna, do marbadh ann & araile

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. dartaid, lao, ar eDIL
  2. Dartaid II, sinsear eapainmneach Dhartraí, ar eDIL
  3. G.R. Isaac, Varia I. Some Old Irish etymologies, and some conclusions drawn from them, Ériu, iml. 53 (2003), lch. 154.
  4. Leabhar na gCeart, aistr. John O'Donovan (Celtic Society 1847), ll. vi-viii.
  5. Lebor na Cert, ar Corpus of Electronic Texts
  6. dligid, dligh, tuill, ar eDIL
  7. daig, lasair, laoch, rí, ar eDIL
  8. astar, aistear, obair, dua, eDIL
  9. Katharine Simms, From Kings to Warlords: The Changing Political Structure of Gaelic Ireland (1987), ll. 66-7.
  10. The Annals of Ulster