D. S. Ó Ciara

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó DJ Carey)
Infotaula de personaD. S. Ó Ciara

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith11 Samhain 1970
53 bliana d'aois
Gabhrán, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiománaí, duine den lucht gnó Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtiomáint
liathróid láimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhréim
Grúpaí I P
Conair
  Foireann Comórtas
- Foireann Sinsir Iomána Chill Chainnigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Iar-iománaí Éireannach é Donncha Seosamh "D. S." Ó Ciara (Béarla: Denis Joseph "D.J." Carey) (a rugadh ar an 11 Samhain 1970; is as Gabhrán, Contae Chill Chainnigh dó). Deirtear go raibh sé ar dhuine de na himreoirí is fearr ina ghlúin, nó fiú i stair an chluiche, agus cinnte, duine de na báireoirí is aitheanta in Éirinn.[1] Bhuaigh Ó Ciara cúig bhonn i gCraobh Iomána Sinsearach na hÉireann le Cill Chainnigh, agus é ina chaptaen chomh maith. Tá naoi ngradam Sárimreoirí na Bliana aige freisin, níos mó ná éinne eile. Tosaí an-tréitheach agus cliste ab ea Ó Ciara, agus bhí páirt lárnach aige sa rath a bhí ag an bhfoireann sa tréimhse sin.

Sa bhliain 2023, cuireadh Carey ar a thriail i gCúirt Choiriúil Chuarda Bhaile Átha Cliath. Líomhnaítear gur mheall Carey airgead ó dhaoine idir 2014 agus 2022 nuair a mhaígh sé go calaoiseach go raibh ailse air.[1]

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Donncha Seosamh Ó Ciara i nGabhrán, baile beag i lár an chontae ar an príomhbhóthar idir Baile Átha Cliath agus Port Láirge. Teaghlach mór a bhí ann, agus bhí triúr dheartháireacha agus dheirfiúracha aige. Níorbh é DJ an chéad imreoir sa chlann. D'imir a dheirfiúr Caitríona haca le foireann náisiúnta na hÉireann, agus b'iománaí é a dheartháir Máirtín, a roghnaíodh do scuaid Chill Chainnigh ar feadh chúpla bhliain. Tógadh DJ leis an iománaíocht ina fhuil in aon chor - bhí a uncail Máirtín ag imirt leis an bhfoireann áitiúil i nGabhrán Éire Óg, bhuaigh a aintín Peigí ceithre chraobh na hÉireann sa chamógaíocht, agus ba dhuine muinteartha é Pádraig Ó Faoláin freisin, iománaí iontach sna 1930idí.

Bhí ré órga ag na gCait (mar a dtugtar ar fhoireann iománaíochta an chontae) sna 1970idí, agus d'fhoghlaim DJ an cluiche agus é ag féachaint ar na laochra móra ón dtréimhse sin, mar shampla Éadbhard Ó Cathaoir, Nollaig Ó Sceacháin agus Liam Mac Giolla Phádraig. D'imir DJ le roinnt iománaithe maithe eile sa cheantar, mar shampla Pádraig Ó Néill agus Séarlaí Mac Artúir, agus d'imir siad le chéile san fhoireann Chill Chainnigh níos déanaí. D'fhreastail DJ ar Choláiste Naomh Chiaráin, scoil le clú bainte amach mar naíolann do iománaithe óga. Taobh amuigh den iománaíocht, chaith DJ am ag imirt peil Ghaelach, sacar agus liathróid láimhe.

Cill Chainnigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis na blianta ag imirt le Coláiste Naomh Ciaráin, bhuaigh DJ áit i bhfoireann Chill Chainnigh, sna scuaideanna mionúra agus faoi-21 ar dtús. Bhris sé isteach san fhoireann sinsearach, agus ghlac sé páirt ina chéad chluiche ceannais Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann sa bhliain 1991, in éadan an na foirne láidir Tiobraid Árann ón dtréimhse seo. Chaill na Cait an cluiche seo, ach bhuaigh DJ a chéad bhonn an bhliain ina dhiaidh i gcoinne Chorcaí. Lean an rath ar aghaidh sa bhliain 1993, nuair a bhuaigh na Cait arís in aghaidh na Gaillimhe. Bhí comórtas iontach ag DJ an bhliain seo, le 2-4 i gcoinne Uíbh Fháilí agus 1-5 sa chluiche i gcoinne Loch Garman. Bhí cáil DJ ag fás go tapaidh, agus athnaíodh a chumas ar fud na tíre. Mar thoradh, bhuaigh DJ duaiseanna Sárimreoirí na Bliana i 1992 agus 1993, agus roghnaíodh é ina Imreoir Iománaíochta na Bliana i 1993.

Níor shroich Cill Chainnigh an cluiche ceannais arís go dtí 1998. Bhain DJ geit as an bpobal spóirt in Éirinn nuair a d'fhógair sé a scor i mí Aibreán. Dúirt DJ gurb é an brú trom a chuireadh air an chúis a bhí aige chun an socraíocht seo a dhéanamh. Fuair DJ a lán tacaíocht ón bpobal, agus d'aontaigh sé filleadh ar ais sé sheachtain níos déanaí, nuair a fuair sé níos mó ná 25,000 litir ag iarr air teacht ar ais.

Ní raibh an t-ádh ag na gCait sna blianta 1998 agus 1999, agus bhí rath acu arís sa bhliain 2000. D'imir DJ chomh maith is a d'imir sé riamh, ag scóráil cúil agus cúilíní ar fud na háite. Toghadh é ina 'man-of-the-match' sa chluiche ceannais, agus bhuaigh sé a 8ú Sárimreoir agus duais Imreoir Iománaíochta na Bliana eile. Fágadh DJ amach ó Foireann na Mílaoise, rud a chur iontas ar a lán daoine.

Gortaíodh DJ i dtimpiste gluaisteáin ag deireadh 2001, agus níor fhéidir leis imirt sa chomórtas. Ach tháinig DJ agus na Cait ar ais sa bhliain ina dhiaidh nuair a bhuaigh siad an comórtas arís. Fuair DJ a 9ú duais Sárimreoir, an uimhir chéanna a bhí ag a laoch Éadbhard Ó Cathaoir. Bhuaigh na Cait arís i 2002 agus 2003, agus ghlac DJ an Corn Liam Mac Carthaigh, agus é ina chaptaen an bhliain seo i gcoinne Corcaigh.

D'éirigh sé as an iománaíocht idirchontae in 2006. Rinneadh uachtarán ar Chumann na nImreoirí Gaelacha de. Bhuaigh DJ Carey cúig bhonn Uile-Éireann le Cill Chainnigh agus aithnítear é mar dhuine de na hiománaithe is deaslámhaí riamh.

2012

Scannal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 29 Meán Fómhair 2023, gabhadh Carey de réir réamhchoinne i mBaile Átha Cliath agus thug Gardaí as Port Láirge os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Bhlainséir ina dhiaidh sin é. Bhí 21 cion san iomlán maidir le calaois agus brionnú curtha i leith an iarbháireora. Líomhnaítear gur mheall Carey airgead ó dhaoine idir 2014 agus 2022 nuair a mhaígh sé go calaoiseach go raibh ailse air agus go raibh an t-airgead uaidh le go gcuirfí cóir leighis air.[1] Cuirtear ina leith freisin gur chuir sé ábhar bréige ar fáil ar dhá ócáid éagsúla le dúil cur ina luí ar dhuine beart a dhéanamh de réir a raibh ann. Líomhnaítear gur chuir sé cluain ar 25 duine san iomlán.

Cuireadh Carey ar a thriail i gCúirt Choiriúil Chuarda Bhaile Átha Cliath. Thug an breitheamh le fios nach raibh ioncam dá laghad ag DJ Carey agus cheadaigh sé saorchúnamh dlí a lamháil dó.[1]

Honóracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Comórtas Uimhir Blianta
Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann 5 1992, 1993, 2000, 2002, 2003
Craobh Iomána Sinsearach Laighean 10 1991, 1992, 1993, 1998, 1999,
2000, 2001, 2002, 2003, 2005
Sraithchomórtas Iomána Náisiúnta 4 1990, 1995, 2003, 2005
Craobh Iomána Faoi-21 na hÉireann 1 1990
Craobh Iomána Mionúr na hÉireann 1 1988
Craobh Iomána Chill Chainnigh 2 1996, 2000
Sárimreoirí na Bliana 9 1991, 1992, 1993, 1994, 1995,
1997, 1999, 2000, 2002

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]