Cumann Imreoirí Gael
Cuma
(Athsheolta ó Cumann na nImreoirí Gaelacha)
Sonraí | |
---|---|
Cineál | ceardchumann |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 1999 |
Gníomhaíocht | |
Ball de | EU Athletes (en) |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Suíomh gréasáin | gaelicplayers.com |
Eagraíocht spóirt Éireannach í Cumann Imreoirí Gael (Béarla: Gaelic Players Association nó GPA). Bunaíodh i mí Mheán Fómhair sa bhliain 1999 é, chun tacaíocht agus eolas a chur ar fáil do na himreoirí atá ag imirt na gcluichí Gaelacha, sa Chumann Lúthchleas Gael.
I measc na daoine a chuir an cumann ar bun ná na himreoirí Fergal Logan, Peter Canavan agus Dessie Farrell. Toghadh Farrell ina chathaoirleach sa bhliain 2000, agus sa bhliain 2003 ghlac sé post mar phríomhfheidhmeannach lánaimseartha.
Cé go bhfuil an GPA ar an bhfód le deich mbliana anuas, bhí sé deacair aitheantas oifigiúil a fháil ón CLG. Ar deireadh thiar, bronnadh an stádas seo ar an eagraíocht ag comhdháil de chuid CLG ar an 21 Samhain 2009.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |