Hidrileictreachas
Cuma
(Athsheolta ó Cumhacht hidrileictreach)
Athrú an fhuinnimh phoitéinsiúil in uisce chuig fuinneamh cinéiteach is ea cumhacht hidrileictreach.
Ag airde mhór taobh thiar de dhamba, mar shampla, athraítear ar dtús é i bpíobán ag bun an damba, agus úsáidtear an sreabhadh tapa uisce ansin chun tuirbíní a rothlú is fuinneamh leictreach a ghiniúint.
Deartar an scéim chun gur féidir an próiseas a chur ar aghaidh go leanúnach agus ráta tairiseach ginte fuinnimh leictrigh (cumhacht leictreach thairiseach) a tháirgeadh is a sholáthar.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an scéim hidrileictreachais is mó ag teacht chun táirgthe ó Dhamba na dTrí Mhám sa tSín. Roimhe sin, ba é an scéim ba mhó an damba ag Itaipú ar abhainn Parana idir an Bhrasaíl is Paragua, atá ar oscailt ó 1991.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fuinneamh agus cumhacht hidrileictreach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 294.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |