Cultúr Iamna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Cultúr de chuid na Coparaoise déanaí agus na Cre-umhaoise luaithe ba ea an cultúr Iamna agus é suite ar an steip Phontach, idir an Bug Deisceartach, an Dniester agus an tUral, 3300-2600 RCh.[1] Tagann an t-ainm óna nós adhlactha: aidiacht Úcráinise is ea Ямна (yamna) a chiallaíonn “pollach” agus dhéanadh na hIamnaigh na mairbh a chur i dtuamanna (curgain) a raibh seomraí simplí istigh iontu.

Is dócha gur fáisceadh muintir an chultúir Iamna as meascán géiniteach de shliocht shealgairí agus bhailitheoirí Oirthear Eorpa[lower-alpha 1] agus de dhaoine a raibh gaol acu le sealgairí agus bailitheoirí ón réigiún Cugais. B’fhánaithe iad, mórán, a raibh taoisigh os a gcionn agus truacailí a lig dóibh tréada móra a aoiriú.

Tá dlúthbhaint acu freisin le cultuir Neoiliteacha Deiridh a scaip ar fud na hEorpa agus na hÁise Lárnaí, go háirithe an tAos Eascra agus an tAos Earraí Cordacha, chomh maith leis na cultúir Sintashta, Andronovo agus Srubnaya.[2] Tá gnéanna den chultúr Iamna le haithint ar na cultúir eile seo – marcaíocht, nósanna adhlactha agus roinnt tréadachais. Tá sé deimhnithe ag staidéir ghéiniteacha gur thóg na cultúir seo cuid mhaith dá sinsearacht ó na steipeanna.[3][4][5]

Foinse[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’eascair an cultúr Iamna ó limistéar an Don agus an Volga agus cuirtear dáta 3300-2600 RCh leis.[6][web 1] Tugtar cultúr Mikhaylovka ar thréimhse réigiúnach luath den chultúr Iamna. Tháinig an cultúr Khvalynsk roimhe i lár abhainn an Volga, i dteannta an chultúir repin in aice leis an Don (c. 3950-3300 RCh) [7][web 1] agus is deacair earraí potaireachta ón dá chultúr sin a aithint thar earraí luatha an chultuir Iamna.[8] Tá leanúnachas le feiceáil ón gcultúr Samara de shealgairí agus de bhailitheoirí sa Choparaois agus tá lorg an chultúir Dnieper–Donets le haithint, cultúr a bhí níos talmhaíche.

Deir Anthony (2007) gur leath an cultúr gan mhoill trasna na steipeanna Pontacha agus Caispeacha idir c. 3400 agus 3200 RCh.[9]

The spread of the Yamnaya horizon was the material expression of the spread of late Proto-Indo-European across the Pontic–Caspian steppes.[10]
[...] The Yamnaya horizon is the visible archaeological expression of a social adjustment to high mobility – the invention of the political infrastructure to manage larger herds from mobile homes based in the steppes.[11]

Deir Pavel Dolukhanov go teacht chun cinn chultúr na dtuamanna ina chomhartha ar fhorbairt cultúr áitiúla de chuid na Cré-umhaoise a raibh srathú sóisialta ag gabháil leo in éineacht le struchtúir shóisialta fánaíochta a raibh taoisigh os a gcionn. Dá bhrí sin bhí níos mó teagmhála idir grúpaí sóisialta a bhí ilchineálach ó bhunús.[12]

Tháinig an cultúr Catacóim (2800–2200 RCh) ina dhiaidh thiar agus lean an cultúr Poltavka (2700-2100 RCh) thoir é le hais lár abhainn an Volga. Lean an cultúr Srubnaya (18ú-12ú haois RCh) iad sin.

Airíonna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Próta-Ind-Eorpais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Uaigh de chuid an chultúir Iamna, Volgogradskaya oblast sa Rúis.

Mhaígh Marija Gimbutas i dteoiric na gcurgan aici gurb ionann an cultúr Iamna agus na Próta-Ind-Eorpaigh dhéanacha. Taispeánann staidéir ghéiniteacha a rinneadh ó 2015 i leith gur leath teangacha Ind-Eorpacha ar fud na hEorpa ó na steipeanna Eoráiseacha agus go raibh baill den chultúr Iamna ina nInd-Eorpaigh. De réir na staidéar sin, is cosúil gur spréigh na haplaghrúpaí R1b agus R1a amach ó na steipeanna Pontacha agus Caispeacha in éineacht leis an Ind-Eorpais: iadsan an haplaghrúpaí is coitianta san Eoraip, agus tá R1a forleathan san Áise Theas. Tá uathshóim ag Eorpaigh an lae inniu nach raibh ag Eorpaigh Neoiliteacha agus a tháinig isteach leis na ginealaigh athartha R1b agus R1a sa Chré-umhaois, i dteannta na hInd-Eorpaise, is dócha.[3][13]

Athchruthú eolaíoch d’aghaidh fir ón gcultúr Dnieper-Donets. Tá cosúlacht idir Y-DNA fir Dnieper-Donets agus fir Iamna, cé go gcuireann mtDNA Iamna in iúl go ndearnadh meascadh le mná ó chultúir eile.[14]

Rinne Haak et al. (2015), Wilde et al. (2014) agus Mathieson et al. staidéir ghéinteacha a léirigh airíonna fisiciúla na nIamnach: bhí siad ard (rud atá ag brath ar ghéinte agus ar an timpeallacht), bhí súile donna ag a bhformhór mór, bhí ceann dubh orthu agus bhí a gcraiceann níos dorcha ná craiceann an ghnáth-Eorpaigh inniu.[15][4] D’ainneoin an tsaoil thréadaigh a bhí acu ní mór an fhianaise atá ann go raibh inchoimeádachas lactáise iontu (i.e. go bhféadfaidís bainne ainmhithe a ól seachas bainne daonna).[3]

Iarthar Eorpa[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne Haak et al. (2015) staidéar géanómach ar 69 seanchnámharlach ón Eoraip agus ón Rúis. Rinne siad amach go hfuil airíonna uathshómacha na nIamnach an ghar d’airíonna an Aosa Earraí Cordacha, agus gur tháinig timpeall 75% de DNA an Aosa Earraí Cordacha sa Ghearmáin ó na Iamnaigh. Rinneadh amach go raibh 38-50% de DNA na nIamnach in Eorpaigh Iarthar Eorpa, Lár na hEorpa agus Thuaisceart Eorpa agus 18-32% in Eorpaigh an Deiscirt.[16][17][18] Deir Haak et al. tháinig haplaghrúpa R-M269 chun na hEorpa ón Oirthear tar éis 3000 RCh.[19]Na staidéir a rinneadh ar chnámharlaigh ársa in Éirinn agus sa Phortaingéil rinne siad amach gur tháinig R-M269 isteach sna háiteanna sin in éineacht le DNA uathshómach ó steipeanna Oirthear Eorpa.[20][21]

Lár agus Deisceart na hÁise[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir Pathak et al. (2018) tá cuid mhór de shinsearacht na steipe ón gCré-umhaois Lárdhéanach i ndaonra Iarthuaisceart na hIndia agus na Pacastáine, in éineacht le sinsearacht de chuid Iamna sa Chré-umhaois Luath-Láir. Thaispeáin cainteoirí Ind-Eorpaise ó Mhachaire na Gainséise agus cainteoirí teangacha Dráivideacha sinsearacht de chuid Iamna sa Chré-umhaois Luath-Láir seachas sinsearacht na steipe ón gCré-umhaois Lárdhéanach. Deir an staidéar gur mó go mór an méid sinsearacht de chuid Iamna sa Chré-umhaois Luath-Láir ná an cineál eile i samplaí ársa ó dheisceart na hÁise. Deir an staidéar: "The Rors [pobal i dtuaisceart na hIndia] stand out in South Asia as the population with the highest proportion of Steppe ancestry".[22]

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Géineolaíocht

Scáildaonra

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Morgunova y Khokhlova, 2013.
  2. Ancient DNA steps into the language debate; JOHN NOVEMBRE; 164, NATURE , VOL 522 , 11 JUNE 2015 pdf ; “evidence to support theories of a back-migration from Corded Ware-related populations that contributed to the origins of the Sintashta culture in the Urals and their descendants, the Andronovo”.
  3. 3.0 3.1 3.2 Haak et al., 2015.
  4. 4.0 4.1 Mathieson, 2015.
  5. "Nomadic herders left strong genetic mark Europeans and Asians".
  6. Anthony, 2007, p. 300.
  7. Anthony, 2007, p. 275.
  8. Anthony, 2007, p. 274–277, 317–320.
  9. Anthony, 2007, p. 321.
  10. Anthony, 2007, pp. 301–302.
  11. Anthony, 2007, p. 303.
  12. Dolukhanov, 1996, p. 94.
  13. Teimpléad:Cite
  14. Anthony, 2019a, p. 1-19.
  15. Wilde, Sandra (2014). "Direct evidence for positive selection of skin, hair, and eye pigmentation in Europeans during the last 5,000 years". PNAS 111 (13): 4832–4837. doi:10.1073/pnas.1316513111. PMID 24616518. Bibcode2014PNAS..111.4832W. 
  16. Haak et al., 2015, pp. 121–124.
  17. Zimmer, 2015.
  18. "Nomadic herders left a strong genetic mark on Europeans and Asians".
  19. Haak et al., 2015, p. 5.
  20. Cassidy, Lara M. (2016). "Neolithic and Bronze Age migration to Ireland and establishment of the insular Atlantic genome". PNAS 113 (2): 368–373. doi:10.1073/pnas.1518445113. PMID 26712024. Bibcode2016PNAS..113..368C. 
  21. Martiniano, Rui (2017). "The population genomics of archaeological transition in west Iberia: Investigation of ancient substructure using imputation and haplotype-based methods". PLoS Genet 13 (7): e1006852. doi:10.1371/journal.pgen.1006852. PMID 28749934. 
  22. "The Genetic Ancestry of Modern Indus Valley Populations from Northwest India" (December 2018). The American Journal of Human Genetics: 62. 

Fonótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Shíolraigh an dream úd ó shean-Eoráisigh Thuaisceartacha, den chuid is mó, agus baint acu leis an gcultúr pailéiliteach Mal'ta–Buret'.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]