Cuachma

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCuachma
Buccinum undatum Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Taifead

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamMollusca
AicmeGastropoda
OrdNeogastropoda
FineBuccinidae
GéineasBuccinum
SpeiceasBuccinum undatum Cuir in eagar ar Wikidata
Linnaeus, 1758

Is gastrapód mara mór inite san fhine Buccinidae é Buccinum undatum. Tugtar an chuachmaan chuachma choiteann air i nGaeilge.[1][2]

Tá an speiceas seo an-choitianta san Atlantach Thuaidh, agus faightear é ar chóstaí na hÉireann, na Fraince, na hIorua, na hÍoslainne, agus roinnt tíortha eile in iarthuaisceart na hEorpa. Faightear ar roinnt oileán Artach é, agus ar chóstaí Mheiriceá Thuaidh, chomh fada ó dheas le Nua-Gheirsí. Is fearr leo aimsir níos fuaire, agus ní féidir leo maireachtáil ag teochtaí os cionn 29 °C.[3]

Faightear an speiceas seo go príomha ar ghrinnill bhoga sa chrios fochladaigh, agus uaireanta ar imeall an chladaigh, áit a bhfaightear beo é le lag trá anois is arís. Ní théann sé in oiriúint go maith don saol sa chrios idirthaoideach, toisc nach mbíonn rath air i dtimpeallacht gan mórán salainn inti. Má nochtar don aer é, d'fhéadfadh sé imeacht óna bhlaosc, ag dul sa seans go dtriomódh sé.[3]

Itear Buccinum undatum go forleathan, agus úsáidtear a ainm Fraincise bulot go minic. Bailítear iad ar chladaí ar fud an domhain. Gabhtar i bpotaí iad, ag baint úsáide as fíogaigh nó as portáin dearga mar bhaoite.[4] Is féidir é a mheascadh le Neptunea antiqua (an chuachma fearsaide), a bhfuil nimh ann do dhaoine.[5]

Rinne Séamus Mac an Iomaire cur síos ar an gcuachma ina leabhar clúiteach Cladaí Chonamara:

Níl an cineál seo fairsing le fáil ach mar sin féin san earrach bíonn roinnt acu trí na faochain eile. Tá siad níos mó ná na faochain dhubha, dath liath agus bánliath is iondúla a bhíos orthu. Bíonn go leor eochraí sa gceann baineann agus is mó an toirt a bhíos acu ná ag an bhfaocha féin. Greamaíonn siad d'fheamainn iad féin le cineál ramallae. Is minic a ruaigtear go barr an tsnáithe mara iad ar dhrochaimsir ina mbaiscíní go díreach mar a bheadh céir timpeall ar mhil i gcuasnóg mheachan.

Pioctar an bia as na cuachmaí le snáthaid; is milis folláin an bia é freisin nuair a bhíos sé gléasta agus beadaíocht eicínt eile tríd.[6]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Buccinum undatum” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Fraussen, K.; Gofas, S. (2014). Buccinum undatum Linnaeus, 1758. Accessed through: World Register of Marine Species at http://www.marinespecies.org/aphia.php?p=taxdetails&id=138878 on 2015-02-18
  3. 3.0 3.1 Ten Hallers-Tjabbes, C.C., Everaarts, J.M., Mensink, B.P., & Boon, J.P. (1996) The Decline of the North Sea Whelk (Buccinum undatum L.) between 1970 and 1990: A Natural or Human-induced Event? 17:1-3. pp. 333-43. Marine Ecology.
  4. Fahy, E. (2001). Conflict between two inshore fisheries: for whelk (Buccinum undatum) and brown crab (Cancer pagurus), in the southwest Irish Sea. 465: 73-83. Hydrobiologia.
  5. Anthoni, U.; Bohlin, L:; Larsen, C.; Nielsen, P.; Nielsen, N.H.; and Christophersen, C. (1989). The toxin tetramine from the "edible" whelk Neptunea antiqua. Toxicon 27: 717-723.
  6. Mac an Iomaire, Séamas (1985). "Cladaí Chonamara" (in ga) (2ú ed.). Baile Átha Cliath: An Gúm. ISBN 978-1-85-791447-4.