Mollusca

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Mollusca
Raon iontaiseach: Teimpléad:Caimbriach-Le déanaí
Tonicella lineata
Aicmiú eolaíoch
Ríocht:Animalia
Fíleam:Mollusca
Aicme:Gastropoda

Cuimsíonn na moilisc páirt d'fhíleam mór na n-ainmhithe inveirteabracha ar a dtugtar Mollusca orthu. Tá timpeall 85,000 speiceas ar marthain atá ar eolas againn. Is iad na moilisc an fíleam mara is mó atá ann, a chuimsíonn thart ar 23% de mhuirorgánaigh atá ainmnithe againn. Bíonn an Iliomad moileasc beo freisin, i bhfionnuisce agus i ngnáthóga talún. Tá siad an-éagsúil, ní hamháin i méid agus i struchtúr anatamaíocha, ach freisin in iompar agus i ngnáthóg. Tá an fíleam roinnte de ghnáth i 9 nó 10 rang tacsanomaíoch, agus tá dhá cheann acu go hiomlán imithe in éag. Tá na ceifileapóid, mar shampla scuideanna, cudail agus na hochtapais, i measc na cinn is mó chun tosaigh, ó thaobh na néareolaíochta de, sna hinveirteabraigh-agus ceachtar acu, an scuid ollmhór nó an scuid ábhalmhór is ea an speiceas inveirteabrach is mó ar eolas. Is iad na gastrapóid,(seilidí agus drúchtíní)an moilisc is líonmhaire go mór i dtéarmaí na speiceas atá aicmithe, agus cuimsíonn siad 80% den iomlán. Tugtar Moilleolaíocht ar an staidéar eolaíoch ar na moilisc.