Buccinidae

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoBuccinidae Cuir in eagar ar Wikidata

Penion cuvieranus Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamMollusca
AicmeGastropoda
OrdNeogastropoda
FineBuccinidae Cuir in eagar ar Wikidata
Rafinesque, 1815

Is fine tacsanomaíoch an-mhór agus éagsúil iad na Buccinidae de sheilidí móra mara, ar a dtugtar go minic cuachmaí[1]gúgáin.

Áirítear san fhine níos mó ná 1500 speiceas.

Gnáthóg[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faightear na fíor-chuachmaí ar fud an domhain i ngach farraige, ó na haigéin thrópaiceacha go dtí farraigí fuara an Aigéin Artaigh agus an Aigéin Theas.[2] Faightear iad ó na criosanna idirthaoideacha go dtí na limistéir bhatapeiligeacha. Is fearr leis an gcuid is mó bun soladach, ach tá roinnt ina gcónaí i substráití gainmheacha.

Cur síos[cuir in eagar | athraigh foinse]

Penion ormesi, a bailíodh ó Golden Bay sa Nua-Shéalainn.

Ta sliogáin na speiceas san fhine seo measartha go mór i méid, cónúil go fhearsaidchruthach i gcruth. Is minic go mbíonn uamanna domhain sa bhlaosc. Bíonn dromchla na blaoisce mín go ginearálta, uaireanta le dealbhóireacht bhíseach agus/nó aiseach. Tá tiús na blaoisce níos suntasaí i speicis thrópaiceacha an uisce thanaí, agus is gnách go mbíonn sliogán na speiceas a chónaíonn in uiscí measartha agus níos fuaire tanaí nó measartha tanaí. Is mó nó níos lú gualainn bharr na rothóg. Uaireanta léiríonn easnacha gathacha na blaoisce cnapáin ghualainne. Tá an oscailt mór le canáil shiofónach dea-shainithe. Uaireanta úsáidtear imeall na hoscaile chun sliogán na ndébhlaosch a oscailt. Druidtear an oscailt ag chlúidín (Laidin:operculum) adharcach.

Tá an corp bog fadaithe agus bíseach. Tá dhá bhraiteog chónúil, brúite síos ag an cloigeann a iompraíonn na súile ar mhaothán nó starraic ag a mbun. Sa bhéal, tá próboscas fada, sorcóireach, fáinneach agus teanga bheag. Cruthaíonn an maintlín liopa tanaí os cionn an chuais bhrainciaigh. Ar thaobh na láimhe clé, tá canáil fhada oscailte aige, a thagann chun cinn le eang nó eitre sa bhlaosc. Tá an dá gheolbhach fadaithe, éagothrom agus i socrú cosúil le cíor. De ghnáth, bíonn an chos mhór leathan.[3]

Is feoiliteoirí agus scroblachóirí iad na fíor-chuachmaí. Itheann siad ar bhreallaigh, scroblálann siad splíonach, agus uaireanta fiú ar dhríodar. Tá boladh an-fhorbartha acu; is féidir leo comharthaí ceimiceacha a bhrath óna gcreach ó achar fada lena n-osphradia. Is féidir le go leor cuachmaí tolladh trí bhlaoscanna na ndébhlaoscach, agus mar gheall air seo déanann roinnt speiceas dochar mór i bhfeirmeacha oisrí. Is féidir le fíor-chuachmaí ionsaí a dhéanamh fiú ar iasc a ghabhtar i líontán trína gcuid próboscas a shíneadh go dhá oiread fad a gcorp féin.

Leagann an chuachma bhaineann capsúil uibheacha spúinseach leis na céadta uibheacha. Cruthaíonn siad seo dornáin chruinne nó cairn thúr-chruthacha. Ní thagann ach thart ar 10% larbhaí as na huibheacha seo. Ansin, itheann na larbhaí an chuid eile de na huibheacha nach bhfuil tagtha amach fós.

Is mór ag na saineolaithe feoil na cuachma tuaisceartaí coitinne, Buccinum undatum, mar mhír bia, ach tá laghdú éigin ag teacht ar an méid a iteara faoi láthair.

Is minic a úsáideann an fhaocha gliomaigh sliogán folamh na cuachma chun a bhaile a dhéanamh.

Buccinum undatum Ag lorg páirtí agus ag cúpláil
Cásanna uibheacha Buccinum undatum
Cásanna uibheacha Busycon carica, ó Bhá Delaware

Tacsanomaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Caitheadh leis an fhine Busyconidae ar feadh tamaill mar fhofhine de na Buccinidae ar a dtugtar Busyconinae .

Áiríodh na géinis Antillophos, Engoniophos, Phos, Nassaria, Tomlinia, Anentome agus laistigh den fhine Buccinidae, ach bogadh go Nassariidae iad sa bhliain 2016. [4]

Tá an fhine comhdhéanta de níos mó ná 150 géineas, a bhfuil 31 ina n-iontaisí:

Léamh breise[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Hayashi S. (2005). "The molecular phylogeny of the Buccinidae (Caenogastropoda: Neogastropoda) as inferred from the complete mitochondrial 16S rRNA gene sequences of selected representatives". Molluscan Research 25(2): 85-98. abstract PDF
  • The Seashells of New South Wales : Buccinidae
  • Powell A. W. B., New Zealand Mollusca, William Collins Publishers Ltd, Auckland, New Zealand 1979 ISBN 0-00-216906-1
  • Glen Pownall, New Zealand Shells and Shellfish, Seven Seas Publishing Pty Ltd, Wellington, New Zealand 1979 ISBN 0-85467-054-8
  • Checklist of Mollusca
  • OBIS[nasc briste go buan]
  • Obis Indo-Pacific Molluscan Database : Buccinidae
  • Worldwide Malacological Catalog : Buccinidae[nasc briste go buan]
  • Bouchet Ph. & Waren A. (1985). "Mollusca Gastropoda : Taxonomical notes on tropical deep water Buccinidae with descriptions of new taxa". Mém. Mus. Natl. Hist. Nat. Sér. A 133: 457–518. 

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

:

  1. Cuachma https://www.teanglann.ie/en/fb/cuachma
  2. Vaux (2017). "A phylogeny of Southern Hemisphere whelks (Gastropoda: Buccinulidae) and concordance with the fossil record". Molecular Phylogenetics and Evolution 114 (2017): 367–381. doi:10.1016/j.ympev.2017.06.018. PMID 28669812. Vaux, Felix; Hills, Simon F.K.; Marshall, Bruce A.; Trewick, Steven A.; Morgan-Richards, Mary (2017). "A phylogeny of Southern Hemisphere whelks (Gastropoda: Buccinulidae) and concordance with the fossil record". Molecular Phylogenetics and Evolution. 114 (2017): 367–381. doi:10.1016/j.ympev.2017.06.018. PMID 28669812.
  3. Macgillivray, William , History of the molluscous animals of Scotland, London, 1844
  4. Galindo (2016). "The phylogeny and systematics of the Nassariidae revisited (Gastropoda, Buccinoidea)". Molecular Phylogenetics and Evolution 99: 337–353. doi:10.1016/j.ympev.2016.03.019.