Cruachghreanadóireacht
Appearance
Is éard is cruachghreadadóireacht[1] ann ná teicníocht greanadóireachta chun cló a dhéanamh, a tugadh isteach sa 19ú céad, agus plátaí cruach á n-úsáid in ionad na seanphlátaí copair. Chun freastal ar an éileamh mór ar phictiúir an-choitianta a atáirgeadh a tugadh isteach iad, mar bhí siad níos crua fadsaolaí ná na seanphlátaí traidisiúnta. Ach bhí siad ródheacair a ghearradh is a ghreanadh. Faoi dheireadh, rinneadh na plátaí copair a leictreaphlátáil le cruach chun cuid de shochar na cruach a fháil.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): cruachghreanadóireacht” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-05-22.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Cruachghreanadóireacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 187.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |