Jump to content

Cruach Phádraig

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachCruach Phádraig
(ga) Cruach Phádraig Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
CineálSliabh Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie114135 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinContae Mhaigh Eo, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 53° 45′ 34″ N, 9° 39′ 30″ O / 53.7595°N,9.6584°W / 53.7595; -9.6584
Tréithe
Airde os cionn na farraige764 m Cuir in eagar ar Wikidata
Starraiceacht thopagrafach640 m Cuir in eagar ar Wikidata

Sliabh in iarthar Chontae Mhaigh Eo, os cionn Chuan Mó, is ea Cruach Phádraig[1], i mBéarla Croagh PatrickThe Reek (ón fhocal cruach).

Tá an sliabh 762m in airde. Tá Binn Ghorm thiar dó.

Tugadh Cruachán Aigle (< aicil < Laidin aquila 'iolar', agus Fraincis, aigle) air sa mheánaois is cosúil.

Tá cnocán i láthair ar an sliabh. D’fhéadfadh gur cosaint ón gCré-umhaois é seo. Rinne seandálaithe é a thochailt ach ní raibh siad in ann dáta radacarbóin a fháil.

De réir an tseanchais chaith Naomh Pádraig Carghas na bliana 441 anseo ag guí agus ag troscadh.

Deirtear gur chaith Naomh Pádraig daichead ar an sliabh ag guí sa chúigiú chéad. Deirtear freisin gur ruaig Naomh Pádraig na nathracha nimhe agus créatúir nimhe eile as Éirinn ó bharr na cruaiche.[2]

Láthair oilithreachta atá ann leis na céadta bliana. Mar aithris ar Naomh Pádraig, tá na mílte ag dreapadh na cruaiche, iad cosnocht go minic.

Bíonn oilithreacht Dhomhnach na Cruaiche ann (Garland Sunday nó Reek Sunday i mBéarla) ar an Domhnach deireanach de mhí Iúil gach bliain. Glacann na scórtha míle duine páirt san oilithreacht.

séipéal beag ar bharr an tsléibhe, a tógadh sa bhliain 1905. Ceiliúrtar an tAifreann gach cúpla Domhnach sa samhradh, agus go háirithe ar 15 Lúnasa agus Domhnach na Cruaiche.

Fionnachtain óir

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thángthas ar seam óir sa sliabh sna 1980idí

  1. Cruach Phádraig/Croagh Patrick | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. Mayo County Council. "Mayo County Council" (ga). www.mayococo.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-05-24. Dáta rochtana: 2019-07-16.