Crómaigliocáit

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Crómaigliocáit

Crómaigliocáit sóidiam, druga frithailléirgeach a úsáidtear chun an plúchadh a sheachaint. Trádainmneacha ar an druga seo is ea Cromolyn is Intal. Tugtar do dhuine í le hionanálaitheoir ar leith a scaoileann an druga i bhfoirm púdair an-mhín isteach san aer ionanálaithe. Úsáidtear faoi ainmneacha eile is i bhfoirmeacha eile é chun riochtaí ailléirgeacha eile a chóireáil, mar fhiabhras léana is riníteas ailléirgeach.