Asma
Is galar ainsealach an-choitianta é asma (nó múchadh nó plúchadh) a tharlaíonn de bhrí go gcúngaíonn na píobáin anála nó na broncais sna scamhóga agus mar thoradh air sin, bíonn an-deacracht ar an duine bheith ag análú, ach go háirithe le heispioráid (easanálú).
Galar ailléirgeach timpeall 50% de na cásanna den ghalar seo, go mór mór maidir le páistí. Galar neamhailléirgeach a tharlaíonn do dhaoine fásta go príomha, go minic mar thoradh ar shlaghdán trom. Giorra anála a bhuaileann duine, a fhéadfaidh leanúint ar feadh laethanta, fiú míonna. Sa dá chás éiríonn an traicé, na broincíní, na broincíní scamhógacha is na duchtanna ailbheolacha isteach sna hailbheolais féin, an-íogair, agus laghdaíonn an trastomhas i gcás gach ceann de na píobáin sin. Is mar thoradh air sin a tharlaíonn an giorra anála is an anacair. Ní raibh sé forleathan i 1900, ach faoi seo tá an galar ag timpeall 150 milliún duine ar fud an Domhain, agus faigheann timpeall 180,000 duine bás dá bharr sa Domhan gach bliain. I mBaile Átha Cliath, meastar go mbíonn gnéithe éigin den ghalar seo ag níos mó ná 20% de pháistí d'aois 13-14. I Meiriceá tá sé ag 7.3% den phobal faoi 18 mbliain d'aois, agus 4.9% den phobal os a chionn sin. I 1980-1995 d'éirigh na céatadáin sin 3.8% is 2.6% faoi seach. Tá sé ag scaipeadh ina eipidéim, go mór mór i dtíortha forbartha an iarthair. Is mó an seans go mbeidh an plúchadh ag páiste bheirt tuismitheoirí a bhfuil an galar acu, ach ní leor é sin chun an méadú ar tharlú an ghalair a mhíniú. Meastar go bhfuil baint éigin leis ag an gcaoi a bhfanann páistí istigh sa teach níos mó, agus a nochtar iad an iomarca d'ailléirginí an teaghlaigh: fíneoga an deannaigh, sail chnis an chait is eile. Tá truailleáin san aer a chuireann tús leis freisin. Bíodh is gur casta an galar é agus cúiseanna éagsúla leis, tugann córacha leighis atá bunaithe ar stéaróidigh a ionanálaítear an-fhaoiseamh. Ach ní mór an chóir leighis chomh maith leis an ngléas ionanálaithe a bheith ag duine nuair a bhíonn gá leo.
Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]
An té a mbíonn asma air bíonn a anáil dá bhaint de uaireanta. Sa chliabh a bhíonn sé. Is deacair an gearán céanna a leigheas ar fad, ach is gnáthach go bhfaighann daoine a saol leis. Maireann cuid acu críonna go maith. Ní gearán marfach é. Is measa a bhíonn sé san oíche ná sa lá dála a lán breoiteachtaí, agus is measa sa gheimhreadh ná sa samhradh é ag na daoine go leanann sé orthu. Leanann seordán an múchadh.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |