Contae Lancaster, Pennsylvania
| Lancaster County (en) | |||||
| Ainmnithe in ómós | Lancaster | ||||
| Suíomh | |||||
| |||||
| Stát ceannasach | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||||
| Stát sna Stáit Aontaithe | Pennsylvania | ||||
| Príomhchathair | Lancaster | ||||
| Daonra | |||||
| Iomlán | 552,984 (2020) | ||||
| • Dlús | 217.03 hab./km² | ||||
| Líon na dteaghlach | 204,003 (2020) | ||||
| Tíreolaíocht | |||||
| Suite san aonán críochach staitistiúil | Lancaster metropolitan area (en) | ||||
| Achar dromchla | 2,548 km² | ||||
| • Uisce | 4.1 % | ||||
| Ar theorainn le | |||||
| Sonraí stairiúla | |||||
| Cruthú | 10 Bealtaine 1729 | ||||
| Aitheantóir tuairisciúil | |||||
| Cód INSEE | 42071 | ||||
| ID GNIS | 1209181 | ||||
| Eile | |||||
| Suíomh gréasáin | co.lancaster.pa.us | ||||
Is contae in oirdheisceart Pennsylvania é Lancaster. Sa bhliain 2010 bhí cónaí ar 519,445 duine i gcontae Lancaster, suas ó 470,658 duine sa bhliain 2000. Is é Lancaster príomhbhaile an chontae. Tá an contae 2,549 km2 san iomlán (idir uisce agus thalamh).
Teangacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]De réir daonáirimh S.A.M. 2000 is é Béarla an teanga is comónta i gcontae Lancaster agus í an phríomhtheanga do 380,620 (87.05%) duine sa chontae. Bhí Spáinnis an dara teanga is comónta sa chontae agus í an phríomhtheanga do 21,745 (4.97%) duine, bhí Gearmáinis Phennsylvania, an cineál Gearmáinise a labhraíonn na hAmanaigh agus daoine eile, an tríú teanga is comónta agus í an phríomhtheanga do 14,380 (3.29%) duine sa chontae.
Tá clú agus cáil ar an gceantar mar gheall ar na hAmanaigh atá ina gcónaí ann. Sa bhliain 2000 dúirt 24,485 (5.6%) duine go raibh Gearmáinis Phennsylvania, Gearmáinis nó Ollainnis an phríomhtheanga a bhí acu.

| Is síol faoi thíreolaíocht contae Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
