Consan taobhach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Consan cliathánach)

Is éard is consan taobhach[1][2] ann ná consan ina dtéann an t-aershruth ar thaobh amháin nó ar an dá thaobh den teanga seachas trí lár an bhéil, toisc go gcuireann an teanga bac air. Is consan taobhach é L i nGaeilge, i mBéarla, agus i dteangacha eile freisin. Cuirtear consain thaobhacha i gcodarsnacht le consain lárnacha, ina dtéann an t-aershruth trí lár an bhéil.

Sna cásanna is coitianta, déanann barr na teanga teagmháil leis na fiacla uachtair (féach consan déadach) nó leis an droim ailbheolach (féach consan ailbheolach), ach is féidir consain thaobhacha a fhuaimniú áiteanna eile sa bhéal. Is neasaigh (Béarla: approximants) iad na consain thaobhacha is coitianta agus cuirtear leis na consain leachtacha iad, ach faightear cuimiltigh agus aifricéid thaobhacha i dteangacha éagsúla, agus faightear cliceanna taobhacha i gCóisis agus i Súlúis.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Tomás de Bhaldraithe, eag.: “English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe): lateral” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1959). Dáta rochtana: 2024-01-08.
  2. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): consan taobhach” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-01-08.