Consan déadach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is consan déadach ann ná consan a fhuaimnítear leis an teanga in aghaidh na bhfiacla uachtair, mar shampla [t̪] ("tá") agus [d̪] ("dún") leathan i nGaeilge. I dteangacha áirithe, déantar idirdhealú idir consain dhéadacha agus grúpaí consan eile, mar shampla na consain ailbheolacha, ina dteagmhaíonn an teanga leis an droim ailbheolach taobh thiar de na fiacla uachtair.

San Aibítir Idirnáisiúnta Foghraíochta, is é U+032A an diaicritic in Unicode a léiríonn consan déadach, mar shampla [d̪]. Nuair nach bhfuil spás don diaicritic faoin litir, is féidir í a chur os a cionn, leis an gcarachtar U+0346, mar shampla [p͆].

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]