Comhaontuithe Camp David

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Camp David, Meán Fómhair 1978. Uachtarán Sadat na hÉigipte (ar clé) agus Príomh-Aire losrael, Menachim Begin. Ócáid stairiúil agus iad ag croitheadh láimhe. Uachtarán Mheiriceá, Jimmy Carter, ag faire orthu.

Síníodh na Comhaontuithe Camp David ar an 17 Meán Fómhair 1978. Sa bhliain 1977, bhí sé de mhisneach ag Anwar Sadat cuairt a thabhairt ar losrael agus brú a chur ar Uachtarán losrael, Menachim Begin, páirt a ghlacadh i gcomhchainteanna síochána "Camp David" sna Stáit Aontaithe.[1]

Na cainteanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mí lúil 1978 bhuail Begin agus Sadat leis an Uachtarán Carter ag Camp David i Maryland i Meiriceá. Bhí cainteanna rúnda ann, a bhí dírithe ar na fadhbanna a bhain leis na hlosraelaigh a bheith ag cur fúthu i Síonáí agus ar an mBruach Thiar.

Begin, Carter and Sadat at Camp David 1978.jpg

Tháinig dhá cháipéis as na cainteannaː

  • In 'Deilbhcháipéis Chonradh na Síochána' d'aontaigh losrael go dtabharfaí Síonáí ar ais do na hÉigiptigh de réir a chéile thar thréimhse trí bliana dá mbeidís siúd sásta Canáil Shuais agus Caolas Tiran a oscailt athuair do loingeas losrael.
  • Sa dara cáipéis, 'Deilbhcháipéis na Síochána', d'aontaigh Begin cainteanna a thosú faoi thodhchaí Gaza agus an Bhruaigh Thiar, as a dtiocfadh féinrialtas de shórt éigin do na Palaistínigh laistigh de chúig bliana.
    Anwar Sadat Jimmy Carter Menachem Begin sign Camp David Accords-1978.jpg

Bhí an dara deilbhcháipéis an-doiléir, ní raibh na hÉigiptigh i riocht socrú ar bith a dhéanamh ar son na bPalaistíneach ná na Stát Arabach eile, agus sa deireadh thiar ní raibh aon toradh ar na moltaí.

Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tharraing an beart seo agus a dhearcadh i leith an iarthair ionsaithe ó na náisiúin Arabacha eile agus ó ghrúpaí míleata loslamacha san Éigipt. Is é an toradh a bhí air sin ná gur feallmharaíodh Anwar Sadat sa bhliain 1981.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Ivan Minnis (2004). "Coimhlint sa Mheán-Oirthear" An Gúm (ISBN 1857915410).