Comhaontuithe Camp David
| ||||
Cineál | conradh síochána | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 17 Meán Fómhair 1978 | |||
Suíomh | Camp David, Maryland (en) | |||
Sínitheoir | ||||
Síníodh na Comhaontuithe Camp David ar an 17 Meán Fómhair 1978. Sa bhliain 1977, bhí sé de mhisneach ag Anwar Sadat cuairt a thabhairt ar Iosrael agus brú a chur ar Uachtarán Iosrael, Menachim Begin, páirt a ghlacadh i gcomhchainteanna síochána "Camp David" sna Stáit Aontaithe.[1]
Síníodh conradh síochána stairiúil ar an 26 Márta 1979, an Conradh Síocháin Éigipt-Iosrael.
Na cainteanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mí lúil 1978 bhuail Begin agus Sadat leis an Uachtarán Carter ag Camp David i Maryland i Meiriceá. Bhí cainteanna rúnda ann, a bhí dírithe ar na fadhbanna a bhain leis na hlosraelaigh a bheith ag cur fúthu i Síonáí agus ar an mBruach Thiar.
Tháinig dhá cháipéis as na cainteannaː
- In 'Deilbhcháipéis Chonradh na Síochána' d'aontaigh Iosrael go dtabharfaí Síonáí ar ais do na hÉigiptigh de réir a chéile thar thréimhse trí bliana dá mbeidís siúd sásta Canáil Shuais agus Caolas Tiran a oscailt athuair do loingeas Iosrael.
- Sa dara cáipéis, 'Deilbhcháipéis na Síochána', d'aontaigh Begin cainteanna a thosú faoi thodhchaí Gaza agus an Bhruaigh Thiar, as a dtiocfadh féinrialtas de shórt éigin do na Palaistínigh laistigh de chúig bliana.
Bhí an dara deilbhcháipéis an-doiléir, ní raibh na hÉigiptigh i riocht socrú ar bith a dhéanamh ar son na bPalaistíneach ná na Stát Arabach eile, agus sa deireadh thiar ní raibh aon toradh ar na moltaí.
Iarmhairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nuair a tháinig sé abhaile ó Mheiriceá, d'éirigh le Begin áiteamh ar an Knesset trúpaí losraelacha agus lonnaitheoirí a tharraingt siar as Leithinis Shíonáí. Chabhraigh sé sin leo conradh síochána a dhéanamh. Tháinig an bheirt cheannairí ar ais go Camp David ab bhliain dár gcionn.
Ar an 26 Márta 1979: shínigh Uachtarán an hEigipte, Anwar Sadat agus Príomh-Aire Iosrael, Menachem Begin, conradh síocháin sa Teach Bán, an Conradh Síocháin Éigipt-Iosrael.
Tharraing an beart seo agus a dhearcadh i leith an iarthair ionsaithe ó na náisiúin Arabacha eile agus ó ghrúpaí míleata Ioslamacha san Éigipt. Is é an toradh a bhí air sin ná gur feallmharaíodh Anwar Sadat sa bhliain 1981.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Ivan Minnis (2004). "Coimhlint sa Mheán-Oirthear" An Gúm (ISBN 1857915410).