Colga mac Domhnaill
Cuma
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 580 |
Teaghlach | |
Athair | Domhnall mac Muircheartaigh |
Siblín | Eochaidh mac Domhnaill agus Aodh Fuariodhnach |
Rí Ailigh de Chineál Eoghain, clann Uí Néill an Tuaiscirt, ba ea Colga mac Domhnaill (Sean-Ghaeilge Colcu mac Domnaill) (bás 580). Domhnall Ilchealgach (bás 566) ba ea a athair. Muircheartach mac Muireadhaigh (bás 534) ba ea a sheanathair, agus Eochaidh (bás 572) a dheartháir, ardríthe Éireann beirt.[1][2] Bhí sé i gcoróin ón mbliain 572 go dtí 580.[3]
Le linn deireadh na 6ú haois, dáileadh an ard-ríogacht idir Cineál Eoghain agus Cineál Chonaill.[4] Bhí Aodh mac Ainmhireach (bás 598) de Cineál Chonaill ina ardrí ag an am. Is amhlaidh gur thug Colga a dhúshlán Aodh, ach cloíodh agus maraíodh é i gCath Druim Meic Erce (Drumhirk, Tír Eoghain) sa bhliain 580.[5][6][7]
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Corpus of Electronic Texts
- Annála Tiarnaigh, G100002
- Annála Uladh, cuid 1, G100001A
- Annála na gCeithre Máistrí, cuid 1, G800011A
- Chronicon Scotorum, G100016
- Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
- Mac Niocaill, Gearoid (1972), Ireland before the Vikings, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Charles-Edwards, Aguisín V
- ↑ Mac Niocaill, lch. 79
- ↑ Tugtar réimeas 8 mbliana do i Sioncronachtaí Laud
- ↑ Charles-Edwards, lch. 494-495
- ↑ Annála Uladh, AU 580.1, 581.1
- ↑ Annála Tiarnaigh, AT 578.1
- ↑ Mac Niocaill, lch. 80