Seán Mac Fhionnghaile
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Seán McGinley 1952 Gaoth Dobhair, Éire |
Bás | 1 Samhain 2009 56/57 bliana d'aois |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ailse) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | aisteoir, aisteoir teilifíse |
Bá aisteoir ó Chontae Dhún na nGall é Seán Mac Fhionnghaile nó Seán McGinley (c. 1952 - 1 Samhain 2009). Tá clú air as a rólanna grinn, a phríomh-rólanna i ndramaí grinn suímh TG4 C.U. Burn agus Gleann Ceo, chomh maith le sraith ghrinn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Cois Cuan.
Léiritheoir feidhmiúcháin don tsraith FFC a bhí ann agus ba bhall d'Aisteoiri Ghaoth Dobhair é.[1]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Seán Mac Fhionnghaile i nGaoth Dobhair, Contae Dhún na nGall. Bhí dhá iníon agus dhá mhac aige lena bhean chéile Treasa.
Fuair sé bás ó ailse ag aois 57 ar an 1 Samhain 2009. Bhí an galar air ar feadh dhá bhliain. Bhí a shochraid in Eaglais Naomh Colmcille i mBrioglaic, Gaoth Dobhair dhá lá ina dhiaidh a bháis. Mhair a mháthair, Gráinne, i ndiaidh a bháis.
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]B'fhearr aithne ar óna phríomh-rólanna i gcláracha teilifíse ar nós CU Burn agus Gleann Ceo a craoladh ar TG4. Bhí sé ina léiritheoir feidhmiúcháin ar an tsraith FFC ar TG4 fosta .
Bhí sé páirteach i gclár grinn RTÉ Raidió na Gaeltachta, Cois Cuan .
Bhunaigh sé Cúl a'Tigh, comhlacht léiriúcháin teilifíse.[2] Thrasfhoirmigh sé monarcha a bhí ag titim as a chéile in aice lena bhaile go scoil traenála agus lárionad léiriúcháin.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Seán Mac Fhionnghaile Archives" (en-US). Donegal News. Dáta rochtana: 2022-11-01.
- ↑ "Actor dies after battle with cancer" (en). independent. Dáta rochtana: 2022-11-01.
- ↑ "Donegal actor dies after battle with cancer" (en-GB). belfasttelegraph. Dáta rochtana: 2022-11-01.