Cloigtheach Chluain Dolcáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Cloigtheach Chluain Dolcáin
Íomhá
Sonraí
CineálCloigtheach
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinCluain Dolcáin, Éire
Map
 53°19′20″N 6°23′43″W / 53.3221°N 6.3954°W / 53.3221; -6.3954

Is cloigtheach é Cloigtheach Chluain Dolcáin[1] a bhunaigh Naomh Mochua, agus atá suite i gCluain Dolcáin, Baile Átha Cliath Theas, Éire. Is Séadchomhartha Náisiúnta é. Is iarsmalann é freisin ina bhfuil caifé.[2][3][4][5][6][7][8][9]

Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Cloigtheach Chluain Dolcáin suite i lár Chluain Dolcáin, Baile Átha Cliath Theas, ó dheas d'Abhainn na Camóige.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Cloigtheach Chluain Dolcáin tógtha ar shuíomh mainistreach a bhunaigh Naomh Mochua[10] sa 7ú haois. Tá sé ar cheann de cheithre cinn atá fágtha i gContae Bhaile Átha Cliath, na cinn eile lonnaithe i Sord, i Lusca agus i Ráth Michíl. Seasann sé os cionn 25.6m (84tr) ar airde agus ceaptar gur sampla luath é mar go bhfuil an t-eibhear ar na fardorais cothrom.

Thóg an Rí Lochlannach Olaf Bán dún anseo in AD 852. Creachadh an mhainistir i 832 agus 866.

Thóg Amlaíb Conung (b. 874) dún ar an suíomh i lár an 9ú haois. Sa bhliain 867, dhóigh fórsa faoi cheannas Cennétig mac Gaíthéne, rí Loígis, an dún agus maraíodh 100 de lucht leanúna Amlaíb. D’fhan an ceantar faoi smacht na Lochlannaigh go dtí go bhfuair Brian Bórú bua ar na Lochlannaigh ag Cath Chluain Tarbh sa bhliain 1014. Bhí imeacht stairiúil eile i gCluain Dolcáin le linn Ionradh na Normannach ar Éirinn nuair a bhí cath ann idir Risteard de Clare (Strongbow) agus Ardrí na hÉireann Ruaidrí Ua Conchobair. Rinneadh músaem agus "bialann" darb ainm East Village Cafe sa túr le déanaí.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]