An Chamóg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachAn Chamóg
Camac River Dublin.jpg
CineálAbhainn
Suíomh geografachBaile Átha Cliath
Foinse
Deireadh
SuíomhAn Life

an Chamóg ar cheann de na haibhneacha is mó i mBaile Átha Cliath. Tá sí ar cheann de na ceithre chraobh-abhainn na Life a chuir go mór le fás agus forbairt i luathstair na cathrach.

Cúrsa[cuir in eagar | athraigh foinse]

Éiríonn an Chamóg in Móin Seiscinn, soir ó dheas ó Theach Sagard in iardheisceart Bhaile Átha Cliath. Sníonn sí trí ghleann siar ó dheas ó Tamhlacht agus ar aghaidh trí an Caisleán Nua, Coill an Rí agus faoin bóthar N7. Ó shin, ritheann an abhainn ar aghaidh i dtreo Chluain Dolcáin, áit ina mheascann sí le locháin iascaireachta i grcoílár Pháirc Chorcaí.

Leanann an Chamóg ar aghaidh taobh le sráidbhaile Chluain Dolcáin agus ansin soir go buaileann sí leis an Chanáil Mhór in Inse Chór. Ritheann sí ó shin taobh thiar de Phríosún Chill Mhaighneann, sula buaileann sí leis an Life taobh le Stáisiún Heuston, beagán suas an abhainn ó Droichead Seán Heuston.