Cloch, Páipéar, Siosúr

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí CluicheCloch, Páipéar, Siosúr
Sampla desimultaneous game (en) Aistrigh, zero-sum game (en) Aistrigh agus Sansukumi-ken (en) Aistrigh
Ainmnithe in ómóscarraig, páipéar agus scissors (en) Aistrigh
Íoslíon imreoirí2
Líon uasta na n-imreoiríluach ar iarraidh
Córas cluichesimultaneous action selection (en) Aistrigh

Cluiche is ea Cloch, Páipéar, Siosúr a imrítear leis na lámha.

Cloch Páipéar Siosúr
An trí comhartha láimh (ó chlé go dheis: cloch, páipéar agus siosúr). Buaíonn gach ceann thar ceann eile agus caillíonn sé don ceann deireanach.

De ghnáth imríonn páistí an cluiche seo mar chóras roghnóireachta, cosúil le caitheamh na dísle nó tarraingt cocháin, chun duine a roghnú go fánach ar chúis éigin. Níl an cluiche fánach i ndáiríre, mar is féidir leis an imreoir iompar neamh-fhánach a aithint san fhreasúróir. Tá sé coitianta, áfach, toisc go bhfuil na rialacha simplí agus níl aon trealamh riachtanach.

Imirt an cluiche[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cloch, Páipéar, Siosúr
Cloch, Páipéar, Siosúr

Chun an cluiche a imirt tosaíonn na himreoirí ag comhaireamh "1... 2... 3!", "1... 2... Téigh!" nó "Cloch... Páipéar... Siosúr!" ag preabadh a ndoirn le chéile. Ar an siolla deireanach (.i. "3" nó "Téigh!") déanann gach imreoir go tobann ceann den trí comhartha lena láimh mar sin:

  • Cloch: dorn dúnta.
  • Páipéar: lámh oscailte le gach méar sínte amach.
  • Siosúr: dorn, leis an chéad dá méaranta sínte amach i bhfoirm an "V".

Tá an t-imreoir ag iarraidh comhartha a phiocadh atá níos láidre ná rogha an fhreasúra faoina rialacha seo leanas:

  1. Briseann an chloch an siosúr. (Tá an bua ag an gcloch thar an siosúr.)
  2. Gearrann an siosúr an páipéar. (Tá an bua ag an siosúr thar an páipéar.)
  3. Clúdaíonn an páipéar an chloch. (Tá an bua ag an páipéar thar an gcloch.)

Má phiocann an bheirt imreoirí an chomhartha chéanna níl an bua ag éinne agus caithfidh na himreoirí imirt arís. Go minic imrítear níos mó ná babhta amháin. De ghnáth imrítear go dtí go mbuaitear dhá bhabhta as trí nó trí bhabhta as cúig.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cosúil le Go agus Mahjong tagann an cluiche seo ón tSín. Dar le leabhar den ainm Wǔzázǔ (五雜俎 or 五雜組) scríofa ag Xiè Zhàozhì (謝肇淛) go déanaí sa ríora Ming, imríodh taoisigh sa ríora Han cluiche den ainm shǒushìlìng (手勢令) atá an-chosúil le Cloch, Páipéar, Siosúr.

Níl aon cuntas faoin gcluiche san Iarthar go dtí go bhuail siad le lucht na hÁise. Ni déanann scríobhnóirí san Iarthar faic faoi ach amháin mar cluiche na hÁise. Úsáideann lucht an tSín agus an Chóiré éadach in ionad páipéar.

I bpop-chultúr[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar thoradh ar an úsáid fhorleathan atá ag an gcluiche i measc pháistí agus daoine fásta tá an-chuid tagairtí do Cloch, Páipéar, Siosúr sa phop-chultúr. Déanann na cláracha Méireacánaigh Seinfeld, The Simpsons, agus That 70s Show magadh faoi charachtair nach bhfuil ábalta rialacha an chluiche a thuiscint. Uaireanta, bíonn pearsa chliste sa chlár atá in ann dul i ngleic le céilí comhraic ag baint feidhm as comhartha nua agus ag rá go bhfuil cead aige.

Ainmneacha eile an cluiche[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Bato, Bato, Pick (I dTagalog)
  • Ca-Chi-Pun
  • Ching-Chong-Cha
  • Ching-Chang-Push
  • Even-Neyar-uMisparayim
  • Gawi-Bawi-Bo
  • Grizzly, Cowboy, Ninja
  • Ick-Ack-Ock
  • Jack en Poy
  • JanKenPon
  • Janken
  • Kai Bai Bo
  • Kő Papír Olló (san Ungáir)
  • Kivi, paperi, sakset (In Finnish)
  • Mora
  • Morra Cinese
  • Moses Muhammad Jesus
  • Luch-Cáis-Cat Itheann an luch an cháis, tógann an cáis aird an chat, Itheann an cat an luch.
  • Eadach in ionad Páipéar
  • Rock, Paper, Scissors; Paper, Rock, Scissors; Paper, Scissors, Stone srl. (i mBéarla)
  • Papier, kamień, nożyce (I bPoláinnis)
  • Papier/Blad, Steen, Schaar (In Ollainnis)
  • Pedra, Paper, Tisores (I gCataláin)
  • Piedra, Papel, Tijeras (I Spáinnis)
  • Rochambeau
  • roche-papier-ciseaux (in Québec)
  • Roshambo
  • Rowshambow
  • Row-Sham-Bow
  • Sang-Kaghaz-Gheychi" (I bPeirsis)
  • Schnik Schnak Schnuk
  • Stein, saks, papir (San Iorua)
  • Sten, sax, påse (I Sualainnis)
  • Shitou-Jianzi-Bu (Cloch-Siosúr-Eadach i Mandairínis)
  • Камень, Ножницы, Бумага (Sa Rúis)
  • Rug Shampoo (Leagan eile de Roshambo)


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]