Cinedhíothú na Ruandach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Grianghraf na íospartaigh

Rinneadh cinedhíothú ar phobal na Batutsi i Ruanda sa bhliain 1994; thosaigh an sléacht, nó Cinedhíothú na Ruandach, ar 7 Aibreán 1994 agus lean sé ar aghaidh ar feadh cúpla mí. Ní dhearna an pobal idirnáisiúnta a dhath.

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí coimhlint ar siúl i Ruanda ó 1990. Fuair baill an RPF (Rwandan Patriotic Front) a gcuid traenála in Uganda, ar comhghuaillí tábhachtach de chuid na Breataine agus na Stát Aontaithe é, sula ndearna siad ionradh ar Ruanda sa bhliain 1990 – eachtra nár cháin an comhphobal idirnáisiúnta riamh[1].

Cuireadh tús leis an marú ar mhórscála i mí Aibreáin na bliana 1994 tar éis “aerthionóisc” inar maraíodh uachtaráin Ruanda agus na Burúine ar a mbealach abhaile ó chainteanna síochána.

Juvénal Habyarimana, 1980

Maraíodh Uachtarán Ruanda, Juvénal Habyarimana agus cuid den rialtas nuair a bhuail diúracán dromchla go haer an t-eitleán ina rabhadar ag taisteal ar 6 Aibreán 1994.

Lean an ghéarchéim ar aghaidh ar feadh míonna agus maraíodh 500,000–1,000,000 sa tréimhse seo.[2]

Cuireadh an milleán ar antoiscigh na Bahutu as an eitleán a leagan le lámhach. Ach dar le himscrúdaitheoir ó na Náisiúin Aontaithe, Michael Hourigan, bhí an RPF freagrach as a bhfeallmharú.

Paul Kagame, 2014

Níor tháinig deireadh leis an cogaíocht sa bhliain 1994 ach an oiread. Rinne rialta Ruanda ionradh – i gcomhpháirt le harm Uganda – ar Phoblacht Dhaonlathach an Chongó (nó an tSáír mar a tugadh ar an tír) sa bhliain 1996 agus arís sa bhliain 1998. Dar leis an rialtas ag an am, bhí sé ar lorg daoine de chuid phobalna Bahutu a bhí freagrach as an gcineddhíothú, nó génocidaires, mar a tugadh orthu. Ach bhí cúis leithliseach eacnamaíoch leis na hionraí ar an gCongó chomh maith, is cosúil.

Scoil i Murambi

Anailís[cuir in eagar | athraigh foinse]

Breathnaítear ar an tragóid mar eachtra a léiríonn go mbíonn an Afraic, go minic, faoi chrann smola an fhoréigin eitnigh.

fás an daonra

Dar le daoine áirithe, bhí na Stáit Aontaithe neodrach sa choimhlint idir pobal na Bahutu agus pobal na Batutsi. Meastar go forleathan gur chuma leis na Stáit Aontaithe faoi Ruanda marnach bhfuil mórán acmhainní nádúrtha ann. Deirtear go minic go raibh drogall ar na Meiriceánaigh dul isteach i dtír Afracach eilemar gheall ar Chath Mogadishu, eachtra “threampánach”, inar maraíodh ocht saighdiúir déag, a tharla sa tSomáil sa bhliain roimhe sin[3].

Ach b'fhéidir go bhfuil an scéal seo róshimplí agus bréagach. Maíonn Boutros-Ghali (a bhí ina Ard-Rúnaí ar na Náisiúin Aontaithe ag an am)[4] gur éirigh le rialtas Clinton – le cúnamh suntasach ón mBreatain – cosc a chur ar na Náisiúin Aontaithe maidir le fórsa éifeachtach síocháiníochta a chur chun na tíre.

National University of Rwanda

Ceannaire an RPF ba ea Paul Kagame,[5] a tháinig i réim i Ruanda sa bhliain 1994 agus a bhí i gcumhacht go fóill sna 2010idí.

Comóradh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Reáchtáiltear an Lá Idirnáisiúnta Machnaimh ar an gCinedhíothú i Ruanda ag na Náisiún Aontaithe ar 7 Aibreán gach bliain.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Cinedhíothú i Ruanda" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2019-04-07.
  2. "Rwanda: How the genocide happened" (en-GB) (2011-05-17). Dáta rochtana: 2019-04-07.
  3. "Military History Online". www.militaryhistoryonline.com. Dáta rochtana: 2019-04-07.
  4. Dar le Boutros Boutros-Ghali. Ina leabhar dar teideal Unvanquished: A U.S - U.N. Saga, “The genocide in Rwanda was 100 percent the responsibility of the Americans!
  5. Chuaigh oifigigh de chuid an RPF go Meiriceá le go gcuirfí traenáil speisialta orthu chomh maith agus is céimí de chuid an choláiste mhíleata in Fort Leavenworth, Kansas é Paul Kagame.