Christopher Steele

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Iar-oifigeach faisnéise Briotanach agus bainisteoir gnólacht faisnéise phríobháideach is ea Christopher David Steele, a rugadh ar 24 Meitheamh 1964. D'oibrigh sé do MI6 sna blianta 1987–2009. D'éirigh sé as an obair úd chun gnólacht faisnéise phríobháideach a bhunú i 2009 faoin ainm Orbis Business Intelligence. Tharraing sé clú air féin mar údar an tSainchomhad Steele, a rinne cur síos ar bhailiúchán faisnéise diúltaí oifigiúil a chuir na Rúisigh le chéile chun úsáid i gcoinne Donald Trump, dar le Steele.

Rugadh Steele in Áidin in Éimín, áit a raibh a athair ag obair le seibhís meitéareolaíochta an BBC.

Saineolaí ar an Rúis is ea Steele, agus an Rúisis ar a thoil aige. Tar éis trí bliana ag obair don MI6 sa Rúis agus seal i bPáras, d'fhill sé ar Londain mar achuaigh sé i gceannas an deasc Rúiseach don MI6.