Christine Charbonneau

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaChristine Charbonneau

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith18 Deireadh Fómhair 1943
Montréal, Quebec Cuir in eagar ar Wikidata
Bás30 Bealtaine 2014
70 bliana d'aois
Montréal, Quebec Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse)
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí, cumadóir amhrán Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1963 –
SeánraPopcheol
UirlisCeol gutha
Lipéad ceoilPolydor Records Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
SiblínMarie Godard

Bhí Christine Charbonneau (18 Deireadh Fómhair 1943 – 29 Bealtaine 2014) ina hamhránai agus ina scríbhneoir de chuid lucht labhartha Fraincise Cheanada.[1]

Bhí sí ar an tríú duine de cheathrar cailíní. Úrscéalaí is ea an deirfiúr is óige aici, Marie Godard.

Bhí sí ar dhuine den dream is mó a scríobh amhráin do dhaoine eile. Orthu sin tá Ginette Ravel, Renée Claude, Patsy Gallant, France Castel, Christine Chartrand, Ginette Reno, agus Sheila sa Fhrainc. Tá na hamhráin "Du fil des aiguilles et du coton", "Censuré" et "Les femmes" ("Qu'y a-t-il dans le cœur des femmes?") áirithe ar chnaga na 1970í.[2].

Na hamhráin is mó éileamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Du fil des aiguilles et du coton, amhrán a thaifead France Castel i 1972[3] agus a dúirt Céline Dion i 1973,[4] nuair a tháinig sí i láthair an phobail den chéad uair in aois a cúig ag bainis a dearthár Michel.[5]

Tout va trop vite,[6] amhrán a thaifead Patsy Gallant i 1972.[7]

Les femmes (Qu'y a-t-il dans le coeur des femmes?), amhrán a thaifead Patsy Gallant i 1974 agus a chlúdaigh Sheila sa Fhrainc i 1976.[8]

Donne l'amour, amhrán a thaifead Ginette Reno i 1974.[9]

Censuré, amhrán a thaifead Christine Charbonneau i 1975.[10]

Tús a gairme[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Charbonneau in Montréal, Québec, in 1943, agus scríobh sí a céad amhrán in aois a dhá bhliain déag.[11] Thosaigh sí ag amhránaíocht go gairmiúil in La Butte à Mathieu in Val-David, Québec, i 1959.[12] Dhéanadh sí í féin a thionlacan le giotár fearacht a comhairleora Felix Leclerc[13] agus meas uirthi mar dhuine de mhórchumadóirí amhrán Québec.[14] Luaití Charbonneau mar chansonnier.[15] Ar feadh roinnt blianta bhíodh sí ag amhránaíocht sna tithe caife a bhí ag éirí flúirseach ag an am agus a dtugtaí "les boîtes à chansons" orthu.

Thosaigh Charbonneau ag tabhairt amhrán d’amhránaithe eile. Orthu sin bhí Ginette Ravel, duine d’amhránaithe móra na linne sin.[16] Thaifead sí siúd L'amour, amhrán le Charbonneau, ar a halbam L'amour c'est comme un jour, a d’eisigh RCA Victor Records i 1963.[17] Thaifead Renée Claude a hamhrán Je te chercherai ar (Renée Claude Volume 2), Select Records.[18] Rinne Charbonneau a céad albam le Sélect Records i 1963: ba é an teideal a bhí air Les insolences d'une jeune femme.[19]

Ar 24 Meitheamh 1965 tugadh cuireadh chun Charbonneau chun a bheith páirteach sa Fête de la Saint-Jean Baptiste,[20] lá saoire in Québec.[21]

An bhliain sin bhí an fhéile ar siúl i bPáirc Jarry i dtuaisceart Montréal, rud nach dtiteadh amach go minic. Tháinig sí féin agus amhránaithe eile os comhair breis is daichead míle duine amach.[22]

Timpeall 1967, nuair a bhí na "boîtes à chansons" ag dul i léig,[23] Lean Charbonneau uirthi ag obair ag CBC Radio and CBC Television iarraidh uirthi cúpla uair a bhith páirteach sa tsraith Coast to Coast, sraith a léirigh Anton Van de Water agus mar a raibh sí ag amhránaíocht lena lán daoine eile, fearacht Joni Mitchell,[24] Jacques Blanchet, Margo McKinnon,[25] Pauline Julien agus Gordon Lightfoot (The Travelers).[26] I 1968 rinne sí an tríú halbam, ceann ar theideal dó Christine, le Gamma Records.[27] Ba é François Dompierre a stiúrthóir ceolchoirme, agus chum sé cúpla amhrán di ina dhiaidh sin.[28]

In 1968 bhí a céad Sraith Shamhraidh teilifíse aici ag CBC agus í ina comhóstach le Jacques Blanchet ar an seó "Tête heureuse". In 1969 bhí sí ina comhóstach le Blanchet ar sheó raidió amhránaíochta ag CBC Radio: "Tour à tour".[29] I Mí Lúnasa 1969 bhí Charbonneau ina hionadaí do Cheanada ag Féile Spa sa Bheilg[30] ach níor ghnóthaigh sí duais.

Ag cumadh amhrán do dhaoine eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba iad na 1970idí na blianta ba thorthúla aici agus an oiread sin amhrán léi á dtaifeadadh ag amhránaithe eile. Thaifead France Castel "Du fil des aiguilles et du coton," "Je le vois dans ma soupe," "Ça m'fait du bien" [31] le Profil Records agus Trans-World Records, agus bhain amach Rogha 20 an Cheoil in Québec.[32] Amhráin le Charbonneau is mó atá le fáil ar na halbaim a rinne sí in 1973, in 1974 agus in 1975. Dúirt Patsy Gallant "Tout va trop vite," "Thank you come again" (i bhFraincis), "Un jour comme les autres," "Le lit qui craque"[33], amhráin a raibh an-éileamh orthu agus a d’fhág aoibh na ndaoine uirthi mar amhránaí Fraincise in Québec.[34][35] I 1974 thug Charbonneau "Les femmes" do Gallant ("Qu'y a-t-il dans le cœur des femmes?"), amhrán atá le fáil ar an albam a rinne sí i 1974 album, Toi l'enfant, le Columbia Records. Thaifead Sheila, amhránaí Francach a raibh gean an phobail uirthi, "Les femmes" agus d’eisigh mar shingil é[36] i 1976 le Carrere Records. Bhain sé Rogha 20 an Cheoil amach sa Fhrainc[37] agus bhí sé le fáil ar an albam L'amour qui brûle en moi.

In 1974 chum Charbonneau amhrán do Ginette Reno, "Donne l'amour," agus taifeadadh é ar a halbam siúd “Aimons-nous”.[38] I 1979 thaifead Reno "Oublie-moi" ar a halbam Je ne suis qu'une chanson, a léirigh Melon-Miel Records.[39] I gceann cúpla mí bhí 350,000 albam díolta aici.

D’éirigh go maith le Michel Louvain[40] agus le Claude Valade ar liosta rogha ceoil Québec le hamhráin de chuid Charbonneau. Is beag cnagamhrán a chuir a oiread ratha ar Louvain is a chuir La dame en bleu le Mirabel Records[41][42]

Bhí tóir ar "Viens t'étendre aux creux de mes bras,"[43] Bhí an-éileamh in Québec ar "Aide-moi à passer la nuit," "J'ai dit non," "Quand tes yeux," "C'est parce que je t'aime," "Est-ce si facile" agus "Le chemin de tes rêves" agus iad á rá ag Claude Valade.[44][45][46],[47]

Ba é an cnagamhrán ba mhó ag Charbonneau "Censuré," amhrán dioscó de chuid 1975.

Fuair sí bás le hailse ar an 29 Bealtaine 2014.

Slán le ceol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nous sommes des illusionnistes
Nous les faiseurs de chansons
Nous mangeons de la musique
Notre pain est fait de son
Notre pain est fait de son
Nous les faiseurs de chansons[48]
(Draíodóirí atá ionainn, lucht déanta amhrán, is é an ceol a chothaíonn sinn, tá ár gcuid aráin déanta d’fhuaim, tá ár gcuid aráin déanta d’fhuaim, lucht déanta amhrán.)

Le cloisteáil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Christine Charbonneau - "Dans un jour" (1966): [1]

Christine Charbonneau - "Mon amour, mon ami, mon frère" (1975): [2]

Christine Charbonneau - "L'enfer": [3]

Christine Charbonneau - "Censuré " (1975): [4]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. The Canadian Press/La Presse Canadienne (CP/PC), ‘La chanteuse et auteure Christine Charbonneau est décédée,’ http://www.lapresse.ca/arts/musique/201405/31/01-4771520-la-chanteuse-et-auteure-christine-charbonneau-est-decedee.php 31 Bealtaine 2014. Arna rochtain ar 02-06-2014
  2. Cécile Tremblay-Matte, La chanson écrite au féminin, de Madeleine de Verchères à Mitsou 1730-1990, 1990 (athchló 1992), lch 103, Éditions Trois, ISBN 2-9208-8716-5, 978-2-9208-8716-9
  3. France Castel, Dioscliosta, cnagamhrán le Christine Charbonneau, Du fil des aiguilles et du coton, (1973, Profil, PRO. 6063),France Castel Curtha i gcartlann 2012-04-26 ar an Wayback Machine:
  4. Céline Dion, Biographie Enfance, deir Céline i 1973 "Du fil des aiguilles et du coton" le Christine Charbonneau"http://www.musicme.com/Celine-Dion/biographie/
  5. Du fil des aiguilles et du coton, Suíomh Céline Dion Curtha i gcartlann 2012-01-18 ar an Wayback Machine:
  6. "Patsy Gallant, Québec Info Music, Biography", http://www.qim.com/artistes/biographie.asp?artistid=478 Curtha i gcartlann 2015-07-13 ar an Wayback Machine
  7. Patsy Gallant',[nasc briste go buan]
  8. "Sheila, Les femmes, une chanson très moderne et style pop très variété"http://ondit.unblog.fr/93-43e-45-tours-octobre-1976-les-femmes-quy-a-til-dans-le-coeur-des-femmes-33-tours-44e-45-tours-decembre-1976-lamour-qui-brule-en-moi/comment-page-2/, 'Les femmes by Christine Charbonneau',
  9. YouTube FouiC8cYrwY, " Ginette Reno, Trans World Records, 1974, album "Aimons-nous", ceol agus focail le Christine Charbonneau, diaporama Nathalie Dubois, 17-04-2012"
  10. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2002-02-25. Dáta rochtana: 2015-07-11.
  11. La chanson écrite au féminin, (ISBN 2-920887-16-5),
  12. "La Butte à Mathieu": is minic a fuair Christine Charbonneau cuireadh chun amhránaíocht a dhéanamh in La Butte à Mathieu, an “boîte” ba mhó clú in Québec: http://www.lejournal2000.com/chanson.htm Curtha i gcartlann 2011-12-23 ar an Wayback Machine
  13. Paragraph Félix Leclerc, (le père de la chanson québécoise): http://www.ameriquefrancaise.org/fr/article-534/F%C3%A9lix_Leclerc,_p%C3%A8re_de_la_chanson_qu%C3%A9b%C3%A9coise.html#.UOOa5nfeG_I¯#
  14. "Marc-Antoine Lapierre, Ollscoil Montréal, Máistir Ealaíon san Antraipeolaíochta (An Roinn Antraipeolaíochta), «Le mythe de la chanson québécois»: "Certains artistes deviennent des icônes du milieu...dont Christine Charbonneau", lch 20", https://papyrus.bib.umontreal.ca/jspui/bitstream/1866/4133/2/Lapierre_Marc-Antoine_2010_m%C3%A9moire.pdf
  15. "Christine Charbonneau, Discographie, Enregistrements canadiens, Les chansonnières au Québec,(Les Cahiers de l'ARMuQ, avril 1990), ouvrage de C. T.-Matte qui procède à l'examen des chansons et enregistrements de... ", http://www.thecanadianencyclopedia.com/index.cfm?PgNm=TCE&Params=Q1ARTQ0000981 Curtha i gcartlann 2007-08-28 ar an Wayback Machine
  16. "Ginette Ravel, Canadien Encyclopedia,"http://www.thecanadianencyclopedia.com/index.cfm?PgNm=TCE&Params=Q1ARTQ0002928 Curtha i gcartlann 2008-06-12 ar an Wayback Machine
  17. "Ginette Ravel, L'amour, Album "L'amour, c'est comme un jour" 1963, http://www.leparolier.org/quebecois/classartistes/g/ginetteravel.htm Curtha i gcartlann 2012-03-21 ar an Wayback Machine
  18. "Renée Claude, Volume deux (Second Album), Sélect Records, Je te chercherai", http://www.leparolier.org/quebecois/classartistes/r/reneeclaude.htm Curtha i gcartlann 2011-01-13 ar an Wayback Machine
  19. Christine Charbonneau, Les insolences d'une jeune femme", http://www.retrojeunesse60.com/christine.charbonneau.html
  20. "(Saint-John-Baptiste Day and its History) Fête de la Saint-Jean Baptiste et son histoire", http://www.claudenadeau.net/saint-jean.html
  21. "National Holiday Québec", "Fête nationale du Québec", http://www.fetenationale.qc.ca/ Curtha i gcartlann 2014-12-19 ar an Wayback Machine
  22. "24 juin 1965, Fête de la Saint-Jean, Parc Jarry, Montréal, Christine Charbonneau et autres artistes invités, dans les notes de Gilles (ó Leabhar Nótaí Gilles Vigneault), https://books.google.com/books?id=I_vR9RRN1g0C&pg=PA815&lpg=PA815&dq=Christine+Charbonneau+poèmes&source=bl&ots=4pCmjn1mXK&sig
  23. M. A. Lapierre, (Le mythe de la chanson québécoise), page 19"...L'apogée du mouvement (des boîtes à chansons) vers 1967...", https://papyrus.bib.umontreal.ca/jspui/bitstream/1866/4133/2/Lapierre_Marc-Antoine_2010_m%C3%A9moire.pdf
  24. http://jonimitchell.com/chronology/tour.cfm?id=0; ‘A chronology of appearances,’ jonimitchell.com. Arna rochtain 02-04-2014
  25. Jacques Blanchet and others, http://retrofranco.tripod.com/ArtistesQc.htm
  26. Pauline Julien, Gordon Lightfoot, "Chansons (TV series)" (Mon Pays mes chansons), TV archives., http://www.tvarchive.ca/database/16556/chansons/episode_guide/
  27. Gamma Records, http://www.thecanadianencyclopedia.com/articles/emc/gamma-records-ltddisques-gamma-ltee Curtha i gcartlann 2013-11-10 ar an Wayback Machine
  28. "François Dompierre, Orchestra Director and music composer, http://www.thecanadianencyclopedia.com/articles/emc/francois-dompierre Curtha i gcartlann 2013-11-24 ar an Wayback Machine
  29. Télevision show, Christine Charbonneau and Jacques Blanchet, "Tête heureuse, and in 1969, Radio show, Tour à tour, page 241,"http://www.banq.qc.ca/documents/collections/collection_patrimoniale_quebecoise/archives_privees/J_Blanchet.pdf Curtha i gcartlann 2015-09-23 ar an Wayback Machine
  30. Christine Charbonneau, http://vedettes70.retrojeunesse60.com/christine.charbonneau.htm
  31. "France Castel, Suíomh Oifigiúil, Dioscliosta : France Castel 1973, 1973, 1974, agus Cnuasalbam Dúbailte 1975" (agus a bhformhór cumtha ag Charbonneau), http://www.francecastel.com/biographie.html Curtha i gcartlann 2013-08-27 ar an Wayback Machine
  32. "France Castel, "Du fil des aiguilles et du coton," "Je le vois dans ma soupe" et "Ça m'fait du bien" 1973-02-17", http://www2.banq.qc.ca/palmares/2010-Franco/Franco-Compilation_succes_ordre_alpha_interpretes.pdf Curtha i gcartlann 2012-04-25 ar an Wayback Machine
  33. "Patsy Gallant, Québec Info Musique, Biographie", http://www.qim.com/artistes/biographie.asp?artistid=478 Curtha i gcartlann 2015-07-13 ar an Wayback Machine
  34. Chuir "Tout va trop vite," "Le lit qui craque," "Un jour comme les autres" agus "Thank you come again" Gallant ar bharr an liosta, http://www2.banq.qc.ca/palmares/2010-Franco/Franco-Compilation_succes_ordre_alpha_interpretes.pdf Curtha i gcartlann 2012-04-25 ar an Wayback Machine
  35. Patsy Gallant Biography and songs, https://www.myspace.com/patsygallant
  36. Les femmeshttp://www.encyclopedisque.fr/disque/13104.html
  37. http://www.musicme.com/#/Sheila/albums/L-Amour-Qui-Br-Le-En-Moi-0643443739764.html
  38. "Ginette Reno, Biographie", http://www.ginettereno.com/biographie_fr.html Curtha i gcartlann 2015-07-12 ar an Wayback Machine
  39. Ginette Reno, Album «Je ne suis qu'une chanson», (Oublie-moi in 5th). I 1980 fuair sí trí dhuais (Félix), agus orthu sin bhí duais an albaim ba mhó díol (350,000 cóip), http://fr.wikipedia.org/wiki/Ginette_Reno
  40. "Michel Louvain. La dame en bleu, http://www.thecanadianencyclopedia.com/articles/fr/emc/michel-louvain Curtha i gcartlann 2013-11-10 ar an Wayback Machine
  41. Michel Louvain, La dame en bleu, 1976-02-14, http://www2.banq.qc.ca/palmares/2010-Franco/Franco-Compilation_succes_ordre_alpha_interpretes.pdf Curtha i gcartlann 2012-04-25 ar an Wayback Machine
  42. "La dame en bleu, Christine Charbonneau, 1976", http://www.auteurscompositeurs.com/index.php?option=com_content&view=article&id=109:louvain&catid=20:pleinfeu&Itemid=142
  43. "Claude Valade, Viens t'étendre aux creux de mes bras", scríofa ag Charbonneau, http://www2.banq.qc.ca/palmares/2010-Franco/Franco-Compilation_succes_ordre_alpha_interpretes.pdf Curtha i gcartlann 2012-04-25 ar an Wayback Machine
  44. "Claude Valade, Aide-moi à passer la nuit, 1975-03-29, http://www2.banq.qc.ca/palmares/2010-Franco/Franco-Compilation_succes_ordre_alpha_interpretes.pdf Curtha i gcartlann 2012-04-25 ar an Wayback Machine
  45. Cnagamhráin a chum Charbonneau do Claude Valade: http://www2.banq.qc.ca/palmares/2010-Franco/Franco-Compilation_succes_ordre_alpha_interpretes.pdf Curtha i gcartlann 2012-04-25 ar an Wayback Machine
  46. 'Claude Valade, Discography, Le Parolier, 1975 London Deram,
  47. "Claude Valade, J'ai dit non, 1976-06-26", http://www2.banq.qc.ca/palmares/2010-Franco/Franco-Compilation_succes_ordre_alpha_interpretes.pdf Curtha i gcartlann 2012-04-25 ar an Wayback Machine
  48. Base de données de chansons françaises: Christine Charbonneau, Paroles de la chanson « Les faiseurs de chansons » : http://chansons-fr.com/base-de-donnees/paroles.php?html=christine_charbonneau-les_faiseurs_de_chansons Curtha i gcartlann 2016-03-07 ar an Wayback Machine